Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.
Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.
Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.
Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin.
Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].