Leagan mór de “Áirdí Cuain”, Cóir Chumann Chorcaí
Miontuairiscí, comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann leis an eagraíocht “Gaelscoileanna” a dhéanann ionadaíocht ar na scoileanna Gaeilge.
Is éard atá i gceist leis an gcomhad seo ábhar a bhaineann le Lá na dTimirí agus san áireamh ann tá comhfhreagras, cláir oibre agus bileoigíní.
Dhá leabhar, “Mise” le Colm Ó Gaora a bhronn an t-údar ar Ó Súilleabháin, 22 Lúnasa 1944 agus “Síoladóirí” le hEoghan Ó Comhraidhe agus Seán Ó Donnabháin, 1947. Tá nótaí tráchta agus gearrthóga nuachtáin greamaithe istigh iontu araon.
Is éard atá sa chomhad seo dréacht-óráidí, nótaí, comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann le hóráidí éagsúla a thug Nollaig Ó Gadhra, uachtarán CnaG lena n-áirítear ceann a thug sé i mbrainse Nua-Eabhrac de Chonradh na Gaeilge, agus ag 24ú Collóiciam Ceilteach Harvard. Áirítear ann freisin ábhar a bhaineann le ról Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Tá bileog cheoil do “Soldiers of Erin” sa chomhad seo, arna socrú ag Victor Herbert 1917, arna síniú ag R Monteith, Captaen san IRA [Irish Republican Army (Óglaigh na hÉireann)]
Is éard atá sa chomhad seo léachtaí agus óráidí a chlúdaíonn an tréimhse 1892 – 1914 agus áirítear ann “The necessity of de-anglicising Ireland”,aitheasc a thug Dubhghlas de hÍde don Chumann Liteartha Náisiúnta an 25 Samhain 1892; “A defence of storytelling”, léacht a thug Charles Morgan; léacht chuimhneacháin Uí Ghramhnaigh 1902 a thug an tOirmhinneach J O’Donovan; óráid a thug an Craoibhín Aoibhinn [Dubhghlas de hÍde] an 7 Meitheamh 1913, agus do chomhairle contae Luimnigh in 1914, agus paimfléad dá ráiteas: “The Gaelic League and Politics”, 1914. Is fótachóipeanna nó macasamhla iad cuid de na haithisc a rinneadh tar éis an imeachta bunaidh.
Is éard atá sa chomhad seo leabhar nótaí le clúdach crua "An Ard Scoil Ultach Béal Feirsde" 3/3/1913-9/9/1926 ina bhfuil miontuairiscí an choiste bainistíochta; leabhráin ceisteanna scrúdaithe ón Roinn Oideachais lena n-áirítear Cáisc 1927; Páipéar scrúdaithe samhraidh agus fómhair Máithreánach Ollscoil na hÉireann 1929.
Is éard atá sa chomhad seo leabhráin ceisteanna scrúdaithe ón Roinn Oideachais lena n-áirítear scrúdú iontrála 1930 chuig coláiste ullmhúcháin, agus scrúduithe Teastas Gaeilge 1930-32, 1934, 1935, 1937 agus 1938.
Is éard atá sa chomhad seo tuairiscí ar an Ardscoil Tráchtála do Sheisiún 1947-48, 1948-49, 1949-1950 agus 1950-51 Chathair Bhaile Átha Cliath; leabhráin ceisteanna scrúdaithe ón Roinn Oideachais lena n-áirítear scrúduithe Teastas Gaeilge 1940-43, 1946 agus 1948.