Tag / Ref: G60/17/4/2
Páipéar / Paper
92 Archival description results for Páipéar / Paper
Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras agus miontuairiscí a bhaineann le Cumann na Sagart, a chuimsíonn na blianta 1979-1983.
Baineann ábhar sa chomhad seo le cuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn in 1979, agus cuimsítear ann preaseisiúintí, comhfhreagras, gearrthóga, miontuairiscí agus tuairiscí. Cuimsíonn sé plé a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge maidir le baghcat a dhéanamh ar an ócáid mar gur tugadh beannacht an Phápa roimhe sin chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn (an Pápa Adrian IV, 1155), agóidí i gcoinne an Aifrinn a bheith i mBéarla, agus comhfhreagras ó Chomhaltas Uladh a bhí míshásta leis an seasamh a ghlac Conradh na Gaeilge.
Baineann ábhar sa chomhad seo le comórtais éagsúla a reáchtálann Conradh na Gaeilge lena n-áirítear comórtas póstaeir agus Comórtas Pheadair Uí Riain agus tá miontuairiscí, comhfhreagras agus bileoigíní ann. Áirítear leis freisin ábhar a bhaineann le trófaí Eibhlín Ní Chathailriabhaigh lena n-áirítear sleachta athfhriotail.
San fho-fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le comóradh 75 bliain Chonradh na Gaeilge.
San fho-fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le comóradh 50 bliain Chonradh na Gaeilge.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comhfhreagras idir an tAth Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire] agus Eoin Mac Néill, agus áirítear leis obair ranga agus ceartúcháin. Tá obair ranga eile ann chomh maith a d’fhéadfadh baint a bheith aici leis an gcomhfhreagras sin.
Tá comhfhreagras éagsúil san fhoshraith seo, a n-áirítear leis litreacha ón Ath. Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire] chuig an Ath. Pádraig [de Búrca] agus an Craobhín Aoibhinn [Dubhghlas de hÍde] (G60/44/2/1); comhfhreagras chuig an Ath. Peadar ó Eoghan Ó Gramhnaigh, Domhnall Mac Cáib [Mac Cába], Patrick Stanton, Micheál P Ó hIceadha, Seosamh Laoide agus Risteard Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach") (G60/44/2/2); agus comhfhreagras chuig an Ath. Urramach Pádraig de Barra ó Thadhg Ó Néill, Anna Nic Iain agus Seán Ó Criomhthain (Na Blascaodaí).
Baineann an chéad chomhad san fhoshraith seo le hobair Choimisiún na Gaeilge sna 1960í agus is é atá ann sraith ailt aon leathanach i mBéarla ag cur chun cinn na Gaeilge agus athbheochan na Gaeilge agus ag féachaint le mífhaisnéis choitianta a bhréagnú. Baineann an dá chomhad dheireanacha le hobair an choimisinéara teanga don tréimhse 2003-2009 agus áirítear leo tuairiscí, preaseisiúintí agus ailt.