Páipéar / Paper

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar / Paper

          Equivalent terms

          Páipéar / Paper

            Associated terms

            Páipéar / Paper

              92 Archival description results for Páipéar / Paper

              92 results directly related Exclude narrower terms
              An Ghaeilge san Aifreann
              UGA G/G60/23/5 · 10/1964-09/1986
              Part of Gaeilge

              Baineann ábhar sa chomhad seo le húsáid na Gaeilge ag an Aifreann agus tá bileoigíní, leabhráin agus comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus Easpaig na hÉireann ann.

              UGA G/G60/1/2/4 · [1980]-[1989]
              Part of Gaeilge

              Tá ábhar sa chomhad seo ó na 1980idí a bhaineann le cruinnithe faoi atheagrú Chonradh na Gaeilge, agus tá preaseisiúintí, comhfhreagras, agus liostaí ainmneacha teagmhála ann.

              Bailiúchán Bertie Troy
              UGA G/G60/44 · Series · 21/04/1894-18/07/1973
              Part of Gaeilge

              Bhronn nianna Bertie Troy an bailiúchán ar CnaG in 2018, i measc an ábhair sa tsraith seo tá comhfhreagras idir an tAthair Peadar [Ua Laoghaire] agus Eoin Mac Néill lena n-áirítear ceachtanna agus ceartúcháin Ghaeilge (1894-1899); litreacha a scríobh an tAthair Peadar, go príomha chuig “an tAthair Pádraig” ach freisin chuig an gCraobhín Aoibhínn [Dubhghlas de hÍde]; comhfhreagras chuig an Athair Peadar ó E O Gramhna [Eoghan Ó Gramhnaigh], Domhnall Mac Cáib, Patrick Stanton, Micheál P Ó hIceadha, Seosamh Laoide agus Ristéard Ó Foghludha ("Fiachra Eilgeach") (1894 - 1905); cóipeanna "'Séadna' MS suas le 18 agus é sin san áireamh" (trascríobh lámhscríofa ó lgh 112 - 242); cóip de “Séadna” Cuid 1 & 2 le go leor nodaireachta [a bhí ag dalta?] agus gearrthóga; aistí "Lámhscríbhinn le P de Barra", "Aiste Iarsmaí an Chogaidh Mhóir, Lá Bealtaine 1925" "An Tairbhthe don teangan ..."; comhfhreagras 1929-1940 chuig an Athair Urramaich Pádraig de Barra ó Thadhg Ó Néill, Anna Nic Iain agus Seán Ó Críomhtháin (Oileáin Bhlascaod); an chaint a tugadh ag an Oireachtas in 1900 agus atá scríofa amach de láimh (obair ranga b'fhéidir?); "Stáid an lucht Saothair, Aistriúchán ar litir an Phápa Léó XIII, Cormac Ó Cadhlaigh" (CÓC), clóscríofa le ceartúcháin lámhscríofa a shínigh CÓC 13/12/1925; Paimfléad Chonradh na Gaeilge le treoracha ar bhrainse a fhoirmiú (fótachóip); léacht chlóscríofa a thug Mary Hickey ag Ordú na Toirbhirte, Mainistir Fhear Maí 28/4/1966; fótachóip de “Ón mBlascaod”, Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach 10/1934; fótachóip de nótaí ó dhráma ina bhfuil sagart; fótachóip de "Sraith Mheánaoiseach agus Nua-Ghaeilge na hÉireann Iml. iii Tromdámh Guaire 1931"; leabhar nótaí crua agus míreanna scaoilte eile a bhain le rang b’fhéidir, an ceann is deireanaí ó 1973; amhráin éagsúla lámhscríofa, dánta, iomainn n.d.

              [Nóta an Chartlannaí: Bronnadh an bailiúchán seo ar CnaG ar an gcoinníoll go n-ainmneofaí é i ndiaidh Bertie Troy, sin is cúis le teideal na sraithe. Tháinig sé mar aonad san aistriú deiridh agus coinníodh le chéile é chun an socrú a bhí ann cheana a chothabháil]

              Bileoigíní (neamh-CnaG)
              UGA G/G60/26/10 · [1937]-[1999]
              Part of Gaeilge

              Sa chomhad seo, tá bileoigíní, catalóga leabhar agus bróisiúir.

              Bratacha
              UGA G/G60/1/2/1 · [1981]-[1989]
              Part of Gaeilge

              Sa chomhad seo tá ailt ó na 1980idí a bhaineann le bratach Chonradh na Gaeilge, agus an bratach Náisiúnta.

              UGA G/G60/1/2 · Sub-series · 1952-2005
              Part of Gaeilge

              Is éard atá san fhoshraith seo dréachtaí, foirmeacha, ciorcláin, ailt agus ábhar eile a bhaineann le rialacha agus le bunreacht Chonradh na Gaeilge chomh maith le hábhar, cosúil le comhfhreagras agus preaseisiúintí, a bhaineann le forbairt agus le struchtúr na heagraíochta.

              UGA G/G60/1/2/2 · 1952- 2005
              Part of Gaeilge

              Baineann ábhar sa chomhad seo le dréachtaí éagsúla de bhunreacht Chonradh na Gaeilge and Chomhaltas Uladh chomh maith le buanorduithe.

              Ceolchoirmeacha
              UGA G/G60/17/5 · 1941-1993
              Part of Gaeilge

              Baineann ábhar sa chomhad seo le ceolchoirmeacha éagsúla lena n-áirítear ceadal ceoil le Cór Cois Laoi 1956, agus ceolchoirm chun scor an Dr Vincent O'Brien ó Sheirbhísí Craolacháin na hÉireann a cheiliúradh, 1941, áit a ndearna an Cunta John McCormack bronnadh i rith an tsosa.

              Ceolchoirmeacha 1
              UGA G/G60/16/3/1 · 1902-[192-]
              Part of Gaeilge

              Cuimsíonn ábhar sa chomhad seo cláir do “Cuirm Cheoil na Samhna” agus gearrthóga ón Chicago Sunday Times (1920idí).