Páipéar / Paper

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar / Paper

          Equivalent terms

          Páipéar / Paper

            Associated terms

            Páipéar / Paper

              92 Archival description results for Páipéar / Paper

              92 results directly related Exclude narrower terms
              6 Sráid Fhearchair
              UGA G/G60/1/5/1 · Sub-SubSeries · 1964-13/07/2009
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le haistriú cheannoifig Chonradh na Gaeilge ó 14 Sráid Parnell go 6 Sráid Fhearchair, cothabháil agus forbairt an fhoirgnimh, bailiú airgid don fhoirgneamh, tógáil an Luas ar Shráid Fhearchair agus pleananna chun an foirgneamh a dhíol, pleananna nach ndeachthas ar aghaidh leo. Áirítear leis miontuairiscí, comhfhreagras, pleananna urláir agus grianghraif agus tá ord croineolaíoch air.

              UGA G/G60/44/3 · Subseries · 1925-1973
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Ábhar léachtaí agus lámhscríbhinní atá san fhoshraith seo agus áirítear léi aistí leis an Athair Pádraig de Búrca (G60/44/3/1) agus cóip lámscríofa de “Séadna”, arna scríobh ag an Ath. Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire], arb í a pheannaireacht féin atá ann agus a bhfuil roinnt ceartúchán ann (G60/44/3/2).

              UGA G/G60/26/6 · Sub-series · [1910]-1989
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hAchtanna Rialtais agus le hionstraimí reachtúla. San fho-fhoshraith G60/26/6/1 tá aighneachtaí agus comhfhreagras a bhaineann le Grúpa Oibre ar Choimisiún Cúirte. Baineann G60/26/6/2 le hAcht na gCara Cumann. Tá an t-ábhar sna fo-fhoshraitheanna G60/26/6/3 go G60/26/6/9 in ord croineolaíoch agus é eagraithe i dtréimhsí deich mbliana.

              UGA G/G60/26/1 · Sub-series · 1942-[199-]
              Part of Gaeilge/Irish Language

              San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le Conradh na Gaeilge agus lena stair, agus áirítear leis taighde a rinneadh sa tréimhse díreach roimh chomóradh 75 bliain agus 100 bliain na heagraíochta. Is ón tréimhse 1942 go 1994 an t-ábhar, ach áirítear leis chomh maith fótachóipeanna d’ailt roimhe sin.

              Ailt ghinearálta
              UGA G/G60/26/2 · Sub-series · [1940-2002
              Part of Gaeilge/Irish Language

              San fhoshraith seo tá ailt faoi theangacha éagsúla, go háirithe an Ghaeilge, mionteangacha agus pobail mhionlaigh. Is ón tréimhse idir na 1940í agus na 2000í na hailt, ach áirítear leis an ábhar chomh maith fótachóipeanna ón tréimhse níos luaithe san 20ú haois.

              UGA G/G60/33/1 · Sub-series · 1943-[198-]
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo leis an gCoimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus áirítear leis tuairiscí, ailt, aistí, miontuairiscí, comhfhreagras agus gearrthóga. An tréimhse idir 1940 agus 1980 atá i gceist leis an ábhar seo, bíodh is go bhfuil roinnt fótachóipeanna ann ó thréimhse beagán níos luaithe ná sin sna 1920í. Tá an chosúlacht ar chuid den ábhar seo gur baineadh úsáid as chun críche taighde agus áirítear leis nótaí [le Donncha Ó Súilleabháin?] a rinneadh, b’fhéidir, sna 1980í. Rinneadh an t-ábhar a chomhdú in ord croineolaíoch nuair ab fhéidir le nach n-athrófaí a leithéid d’eagar a ceapadh a bheith ann.

              An Fáinne
              UGA G/G60/1/6 · Sub-series · 1984-09/04/2004
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar san fhoshraith seo leis ‘An Fáinne’, ar bróiste bioráin é arna chaitheamh chun líofacht sa Ghaeilge nó toilteanas í a labhairt a léiriú, agus áirítear leis comhfhreagras, preaseisiúintí, gearrthóga, múnlaí don fháinne, grianghraif agus claonchlónna.