San fhoshraith seo, tá nótaí taighde, comhfhreagras, grianghraif, gearrthóga nuachtáin agus ábhar eile a bhaineann le stair agus le hobair Chonradh na Gaeilge i Londain a cuireadh i dtoll a chéile do leabhar Uí Shúilleabháin, "Conradh na Gaeilge i Londain 1894 – 1917” a foilsíodh in 1989.
(Chaith Ó Súilleabháin roinnt blianta i Londain sna 1930í agus 1940í agus bhí sé ina bhall d’Ard-Choiste Chonradh na Gaeilge i Londain. Tá a chead taistil ar fáil in G60/24/11/3).