Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

          Equivalent terms

          Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

            Associated terms

            Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 results directly related Exclude narrower terms
              Daoine spéisiúla 1
              UGA G/G60/26/8/1 · File · [19--]-[199-]
              Part of Gaeilge

              Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Brendan Adams; Tomás Ághas; Ciarán Bairéad; Stiofáin Bairéad; Piaras Béaslaí; William Bedell; Osborn Bergin; Richard Irvine Best; Máire Breathnach.

              Daoine mór le rá
              UGA G/G60/7/8/8 · File · [1900]-[1979]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf de dhaoine mór le rá lena n-áirítear Dubhghlas de hÍde; baill de Chumann na mBan a ghlac páirt san Éirí Amach 1916 (is geall le cóip mhéadaithe í) lena n-áirítear an Dr Kathleen Lynn, Miss Ffrench-Mullen, Brigid Foley, Elizabeth O'Farrell, Lily M. O'Brennan, L Kennedy, agus Miss Mac Namara agus Miss Cosgrove; An tOllamh Liam Ó Briain, an chéad uachtarán ar chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha; De Valera óg; Proinsias & Criostóir Mac Aonghusa; De Valera agus Séamus Ó hEochaidh (An Fear Mór); Pádraig Ó Dónalláin; An Seabhac [Pádraig Ó Siochfhradha].

              UGA G/G60/4 · Series · 09/10/1896-06/07/2018
              Part of Gaeilge

              Baineann an tsraith seo le hobair na nDála Cúige, na gCoistí Ceantair agus na gcraobhacha, agus áirítear léi foirmeacha clárúcháin, miontuairiscí, cártaí ballraíochta agus comhfhreagras. Liostaítear na Comhairlí Ceantair agus na craobhacha de réir cúige. Tá rannán breise i bhfoshraith na gCraobhacha a bhaineann le craobhacha lasmuigh d’Éirinn. Áirítear leis an ábhar míreanna faoi leith a bhain le craobh Londan de Chonradh na Gaeilge a cuireadh ar ais chuig an bpríomhoifig mar bhailiúchán; ábhar a bhaineann leis an Ard-Chraobh; Craobh an Chéitinnigh; Craobh na gCúig gCúigí agus Craobh Móibhí.

              Corcaigh
              UGA G/G60/24/8 · Sub-series · [1940]-[1980]
              Part of Gaeilge

              San fhoshraith seo, tá nótaí taighde, comhfhreagras, grianghraif, gearrthóga nuachtáin agus ábhar eile a bhaineann le stair agus le hobair Chonradh na Gaeilge i gCathair Chorcaí a cuireadh i dtoll a chéile do leabhar Uí Shúilleabháin, "Conradh na Gaeilge Cathair Chorcaí 1894 – 1905”. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le Contae Chorcaí.

              UGA G/G60 · Collection · [1780]-21/11/2019
              Part of Gaeilge

              Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.

              Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.

              Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.

              Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin.

              Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].

              UGA G/G60/16/1/1 · Sub-sub-series · 1942-1993
              Part of Gaeilge

              Baineann an fho-fhoshraith seo leis na mórócáidí ceiliúrtha a bhain le comóradh 50, 75 agus 100 bliain Chonradh na Gaeilge agus roinntear é a thuilleadh dá réir.

              Comóradh 100 bliain
              UGA G/G60/7/8/10/1 · File · 1993
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf ó 1993 lena n-áirítear ceiliúradh ar an gcomóradh, nóta £50 ar a raibh Dubhghlas de hÍde á bhronnadh ar CnaG ag an mBanc Ceannais; céilí amuigh faoin aer le damhsóirí Gaelacha lena n-áirítear b’fhéidir Joanne Doyle agus Colm Ó Sé le slua lena n-áirítear Tony Gregory agus Micheál Ó Muircheartaigh; grianghraif ó Club an Chonartha.

              Comóradh 100 bliain
              UGA G/G60/16/1/1/3 · Sub-sub-sub-series · 1993
              Part of Gaeilge

              San fho-fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le comóradh 100 bliain Chonradh na Gaeilge.

              Comhluadar
              UGA G/G60/11/3 · Sub-series · [1992]-[2011]
              Part of Gaeilge

              Is éard atá sa tsraith seo ábhar a bhaineann leis an eagraíocht óige “Comhluadar” agus tá an tsraith foroinnte i 9 bhfo-fhoshraith agus comhad: Airgeadas (G60/11/3/1); Miontuairiscí agus Cláir Oibre (G60/11/3/2); Pleananna oibre agus tuarascálacha (G60/11/3/3); Ballraíocht (G60/11/3/4); Comhfhreagras (G60/11/3/5); Imeachtaí (G60/11/3/6); Ábhar léitheoireachta Gaeilge do Leanaí (G60/11/3/7); Áiseanna nua (G60/11/3/8) agus Ábhar Bolscaireachta (G60/11/3/9). Clúdaíonn sé timpeall 30 bliain ó thús na 1990idí.

              Comhfhreagras
              UGA G/G60/15/2 · Sub-series · 13/07/1976-[03/2003]
              Part of Gaeilge

              Comhfhreagras a bhaineann le Seachtain na Gaeilge atá san fhoshraith seo, agus tá ord croineolaíoch uirthi. Tá ábhar poiblíochta inti chomh maith, lena n-áirítear samplaí suaitheantais [15/2/1/2] mar aon le hábhar a bhaineann le Comórtas Gael Earraí 1977-79 [G60/15/2/1/4].