Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

          Equivalent terms

          Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

            Associated terms

            Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 results directly related Exclude narrower terms
              UGA G/G60/30/20 · File · [195-]
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Is éard atá sa chomhad seo sraith grianghraf dubh agus bán a thug Lil Nic Dhonnchadha do Chonradh na Gaeilge. Seans go bhfuair sí cuid acu ó Earnán de Blaghd. Grianghraif de scoil éigin iad seo [Coláiste Móibhí b’fhéidir] sna 1950idí, agus tá grianghraif ranga de chailíní agus de bhuachaillí in éide scoile le Lil sa lár agus baill foirne eile le feiceáil iontu. Tá liosta d’ainmneacha na ndaltaí uile (ach ní na múinteoirí) i ngrianghraf amháin, tá Éamon de Valera i gceann amháin, agus baineann péire le cailíní i mbun cor ochtair agus múinteoir ar an bhfidil.

              Grianghraif 1990idí
              UGA G/G60/7/8/10/2 · File · [1990]-[1999]
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Rogha grianghraf (1990idí) lena n-áirítear grianghraif (dubh agus bán agus Daite agus roinnt claonchlónna san áireamh) den Ard-Fheis, Tionól agus cruinnithe eile; grianghraf d’Éamon Ó Cuív le leanaí neamhaitheanta ag seoladh CD; grianghraf de chailín le smidiú “An Ghaeilge” uirthi - bainte as fráma briste.

              Imeachtaí
              UGA G/G60/11/7/4 · File · 1997
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar sa chomhad seo leis na himeachtaí oíche Shathairn sa chlub agus tá grianghraif bhannaí, táillí agus beathaisnéisí ann.

              Imeachtaí
              UGA G/G60/17/4 · Sub-series · 1941-28/04/2004
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí éagsúla agus cuimsíonn sé cláir, comhfhreagras, grianghraif, preaseisiúintí, miontuairiscí agus tuairiscí.

              Cuimsíonn G60/17/4/1 ábhar a bhaineann leis an gComhdháil Cheilteach agus tá grianghraf dubh agus bán ón gComhdháil Cheilteach in Douglas, Oileán Mhanann, (1921 nó 1938) ag a raibh Dubhghlas de hÍde, Úna Ní Fhaircheallaigh, H Percy Kelly, William Cubbon agus Mona Douglas i láthair. Cuimsíonn G60/17/4/2 tuairiscí agus cláir do thaispeántais bhliantúla Chumann Náisiúnta Curadóireachta agus Tionscal (National Agricultural and Industrial Development Association) don tréimhse 1941-1952. Cuimsíonn G60/17/4/3 ábhar a bhaineann le seachtain tuaithe bhliantúil Mhuintir na Tíre do 1957 agus 1960. Baineann an comhad deiridh san fhoshraith seo le roinnt imeachtaí eile mar atá Comhdháil Aontacht Ghael-Mheiriceánach 1984, agus Iubhaile Órga Choiste na nGael nÓg 1988.

              Imeachtaí Comórtha
              UGA G/G60/16/1 · Sub-series · 1918-1993
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí comórtha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge agus san áireamh ann tá comhfhreagras, miontuairiscí, grianghraif, preaseisiúintí, póstaeir agus baill éadaigh cosúil le suaitheantais éadaigh.

              Imeachtaí (eile)
              UGA G/G60/16/5 · Sub-series · 1905-21/11/2019
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí éagsúla a d'eagraigh Conradh na Gaeilge, cuimsíonn sé comhfhreagras, cláir, ailt agus grianghraif agus tá sé in ord croineolaíoch.

              I measc na n-imeachtaí a chuimsítear tá an dinnéar bliantúil agus cabaret, 1962, agus an oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig, 1963 (G60/16/5/1); An Tionól – Rinn Mhic Ghormáin, 1966 (G60/16/5/2); dinnéar do chomóradh céad bliain Chonradh na Gaeilge (Dinnéar an Chéid), 1993 (G60/16/5/3); seimineáir éagsúla (G60/16/5/4); seoladh an nóta nua 50 punt ar a raibh pictiúr de Dhubhghlas na hÍde, 1995 (G60/16/5/5 agus G60/16/5/6) agus an chéad mhórfhéasta d’Fhondúireacht Dhubhghlas na hÍde, 2019 (G60/16/5/7).

              Irisí, Nuachtáin
              UGA G/G60/9/4 · Sub-series · 12/1882-2004
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hirisleabhair agus le nuachtáin éagsúla Ghaeilge, a d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge den chuid is mó. Tá sé in ord aibítre bunaithe ar theideal an fhoilseacháin agus tá comhfhreagras, grianghraif agus samhlacha réamhphriontála leis. I measc na bhfoilseachán tá An Claidheamh Solais, Comhar, Feasta, Foinse, Guth na nGaedheal, Irisleabhar na Gaedhilge, Lá agus ROSC.

              UGA G/G60/35/8 · Sub-series · 18/06/1965-25/06/1982
              Part of Gaeilge/Irish Language

              Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an Language Freedom Movement (LFM) agus san áireamh ann tá comhfhreagras, miontuairiscí, tuairiscí, grianghraif agus bileoigíní. Eagraíocht pholaitiúil a bunaíodh in 1966 a bhí inti a chuir i gcoinne gnéithe faoi leith d’fheachtas an Stáit chun an Ghaeilge a athbheochan i bPoblacht na hÉireann.