Baineann ábhar san fhoshraith seo le baill foirne Chonradh na Gaeilge agus tá iarratais ar phoist, CVanna, agus taifid fostaithe aonair ann. Seachas cuid de na comhaid dheireanacha seo ina bhfuil eolas ginearálta, ciorcláin foirne agus iarratais fholmha ar phoist, tá an fhoshraith seo dúnta chun cloí le GDPR.
Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
Baineann ábhar san fhoshraith seo le foirgnimh a cheannaigh nó a bhí ar léas ag Conradh na Gaeilge, an chothabháil agus an fhorbairt a bhain leo agus an t-ioncam a gineadh dá mbarr. Baineann G60/1/5/1 le hUimhir 6 Sráid Fhearchair; baineann G60/1/5/2 le foirgnimh eile i mBaile Átha Cliath; baineann G60/1/5/3 le foirgnimh eile i gCúige Laighean; baineann G60/1/5/4 le foirgnimh i gCúige Chonnacht; baineann G60/1/5/5 le foirgnimh i gCúige Uladh; baineann G60/1/5/6 le foirgnimh i gCúige Mumhan agus baineann G60/1/5/7 le foirgneamh Chonradh na Gaeilge i Londain. Cuimsíonn ábhar in G60/1/5/8 liostaí go leor de na foirgnimh atá ag an gConradh mar aon le cáipéisí a bhaineann leis an ioncam agus an caiteachas a bhain leo. Tá an t-ábhar san fho-fhoshraith agus sna comhaid seo in ord croineolaíoch.
Baineann ábhar sa chomhad seo le foirgnimh eile i gCúige Laighean a d’úsáid Conradh na Gaeilge lena n-áirítear foirgneamh i nDún Dealgan, Co. Lú; Teach an Rútaigh, Cill Chainnigh; “Halla na BanBan”, an Uaimh, Co. na Mí agus naíonra i mBré, Co. Chill Mhantáin.
Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le foirgnimh Chonradh na Gaeilge i gCúige Mumhan lena n-áirítear Áras Íde, Luimneach; Dún Mhuire, an tAonach, Co. Thiobraid Árann agus roinnt foirgneamh i gcathair Chorcaí.
Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo ná gearrthóga nuachtáin a bhaineann le Teangacha Idirnáisiúnta, Réigiúnacha agus Mionteangacha, agus le hEagraíochtaí Teanga, agus tá ord curtha uirthi de réir gach deich mbliana. Laistigh de gach deich mbliana, tá ord croineolaíoch ar na gearrthóga de réir bliana ach amháin sa chás go raibh eagar orthu cheana féin, agus sa chás sin d’fhéadfaí roinnt blianta a bheith grúpáilte le chéile. Déileálann roinnt gearrthóg le topaicí atá lasmuigh de scóip na sraithe seo ach coinníodh leis an gcuid eile iad ar mhaithe leis an eagar reatha a choinneáil.
Trí leathanach albaim grianghraf scaoilte le grianghraif de "Fál Carrach 1931, Coláiste Bhrighde", "Béal Átha an Ghaothraidh 1933" agus tá foireann camógaíochta "Fuireann an Phiarsaigh" ann; grianghraf grúpa ar chlár "Comhdháil Cheilteach Truro 6-9 Meán Fómhair 1932"; grianghraf sínithe de Liam Cosgrove agus beirt eile 1932 leis an litir a ghabhann leis (1993); grianghraif dhubha agus bhána agus imill orthu: "Fleadh na Nodlag 1941, Coisde na Fleidhe", Coiste Fhleadh 1938 (ag 37 Cearnóg Parnell b’fhéidir), "An Chead Preasagallamh 1939"; grianghraf d’Eoin Mac Néill ag tabhairt léachta go gairid roimh a bhás le hAindrias Ó Muimhneacháin, Earnán de Giúnta, An Dochtúir ST Mac E?, Peadar Ó Máille, Seán Mc Gearailt, Riobard Braham; grianghraf de chruinniú de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (14/1/1956), le Seán Ó hUadhaigh, Liam Ó Luanaigh, Proinsias Mac an Bheatha, Earnán de Blaghad, Donnchadha Ó Laoghaire.
Is éard atá san fho-fhoshraith seo grianghraif a chlúdaíonn an tréimhse 1991-2009.
Is éard atá sa chomhad seo grianghraif a chlúdaíonn an tréimhse 1961-1999 agus tá grianghraif próifíle foirne ann a tógadh sna 1970idí; grianghraif Choiste CnaG (1980idí?) agus grianghraif foirne 1980-1990idí; grianghraf grúpa sa Bhreatain Bheag 1964 [Breatnais aistrithe a chiallaíonn "URDD, [?] Bortinllain "[Is eagraíocht óige Breatnaise é URDD a bhfuil sé mar aidhm aige an Bhreatnais a chaomhnú]; grianghraf Fhleadh na Nodlag 1966.
Is éard atá san fhoshraith seo grianghraif a bhaineann le Conradh na Gaeilge agus a bhaill, agus ábhar gaolmhar. Tá sé in ord croineolaíoch nuair is féidir.
Grianghraf de chuid Chonradh na Gaeilge a sheol C Bairéad ón gCoimisiún le Béaloideas Éireann, "Leabhar Lae uimh. 479" [1890-1910?]; grianghraf d’Óglaigh 1916 a scaoileadh saor ó phríosún i Sasana in 1917, go leor díobh ina mbaill de CnaG; grianghraf grúpa ar chlár, WH Warburton, grianghrafadóir, Douglas [Oileán Mhanann?] 1922 (d’fhéadfadh sé a bheith in Éirinn nó d’fhéadfadh sé a bheith ag an gComhdháil Cheilteach); Cruinniú de Chumann Gaelach UCD 1924 le de hÍde, De Valera, Tadhg Mac Fhirbhisigh, Eoin Ó Brolcháin, Micheál Ó hAodha, Úna Ní Fhaircheallaigh, Proinsias Ó Riain, Reachtaire an Chumainn agus Conraitheoir gníomhach, Brian Ó Brolcháin; grianghraf de bhord á bhogadh as foirgneamh an Chonartha ag tús an 20ú haois; grianghraf d’óráid á tabhairt taobh amuigh de JW Elvery's, [Baile Átha Cliath?] le bratach a deir "... Briseadh na Teorann, Craobh Phádraig Mac Piarais"; grianghraif éagsúla, stáitsithe b’fhéidir, le triúr nó ceathrar gléasta i bhfilleadh beag; grianghraf ar chlár de Bhrighid & Páidín Mac Donnchadha, Inis Meáin, a úsáideadh sa taispeántas; grianghraf séipia, le himill stróicthe d’aíonna ar “ardán 1” ag caitheamh suaitheantais (coiste fáilteach sa stáisiún traenach?); grianghraf de bhaill an Chonartha ó 1890idí/1900idí lena n-áirítear Eoin Mac Néill agus Stiofán Bairéad le forlíonadh cuimhneacháin nuachtáin ó 1993 a athchlónn é.