Baineann an t-ábhar atá san fhoshraith seo le feachtas ceadúnais teilifíse Chonradh na Gaeilge, áit ar dhiúltaigh daoine sa phobal íoc mar gheall ar an easpa clár Gaeilge a bhí ar fáil ar RTÉ, agus ar an iliomad cásanna cúirte a tháinig as. Cuimsíonn sé preasráitis, comhfhreagras, grianghraif, bileoigíní agus gearrtháin.
Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le feachtas Chonradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a úsáid nó a fheabhsú ar chomharthaí poiblí, comharthaí bóthair agus i logainmneacha, agus áirítear ann comhfhreagras, ailt, grianghraif agus bileoigíní.
Cuimsíonn an comhad seo an tréimhse 1980-1989 agus tá ábhar ann a bhaineann leis na féilte seo a leanas: Éigse Oirialla, Éigse PJ McCall 1983; Siamsa Sraide, Aeraíocht Bhaile Átha Cliath 1985; Féile Inse Chór 1987.
Cuimsíonn an comhad seo an tréimhse 1950-1959 agus tá ábhar ann a bhaineann leis na féilte seo a leanas: Feis Baile Átha Cliath 1951, 1953 agus Feis an Churraigh 1957
Baineann an tsraith seo le féilte neamh-CnaG agus le hócáidí comórtha lena n-áirítear féilte in Éirinn agus thar lear (Pan-Cheilteach, Eisteddfod, Mod agus Scriff); ceolchoirmeacha; imeachtaí (san áireamh leis sin tá comóradh Éirí Amach na Cásca 1916, an chomhdháil Cheilteach); comórtais agus gradaim. Áirítear leis an ábhar cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.
Baineann ábhar san fhoshraith seo, lena n-áirítear cláir, póstaeir, bileoigíní, gearrthóga agus comhfhreagras, le féilte Ceilteacha (nach mbaineann le Conradh na Gaeilge) in Éirinn agus thar lear agus tá sé in ord croineolaíoch sna fo-fhoshraitheanna agus comhaid faoi seach.
San fho-fhoshraith G60/17/2/1 tá naoi gcomhad ina bhfuil ábhar a bhaineann leis an bhféile Pan-Cheilteach agus tá comhfhreagras, tuairiscí, bileoigíní, gearrthóga, miontuairiscí agus cláir ann. Cuimsíonn G60/17/2/2 ábhar a bhaineann le Féile Náisiúnta Mòd in Albain. Cuimsíonn G60/17/2/3 agus G60/17/2/4 ábhar a bhaineann le dhá fhéile Bhreatnacha, Scriff agus Eisteddfod faoi seach. Sa chomhad deiridh den fhoshraith seo, G60/17/2/5, tá ábhar a bhaineann le féilte Ceilteacha in áiteanna eile lena n-áirítear Lorient, an Bhriotáin, an Fhrainc agus Interkelt, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le féilte éagsúla Ceoil agus Damhsa Chonradh na Gaeilge, agus tá sé roinnte arís in dhá fho-fhoshraith: G60/16/2/1 Féilte Chonradh na Gaeilge in Éirinn agus G60/16/2/2 Féilte Chonradh na Gaeilge thar lear.
Tá ábhar sna fo-fhoshraitheanna sin in ord croineolaíoch agus tá cláir, bileoigíní, póstaeir, comhfhreagras, miontuairiscí agus grianghraif san áireamh iontu.
Tá ábhar san fho-fhoshraith seo in ord croineolaíoch i dtréimhsí deich mbliana seachas G60/16/2/1/3 a chuimsíonn an tréimhse 1920-1939 agus G60/16/2/1/9 a chuimsíonn an tréimhse 1990-2009.
Baineann an tsraith seo le féilte agus le hócáidí comórtha Chonradh na Gaeilge (CnaG), a n-áirítear léi imeachtaí chun 50, 75 agus 100 bliain ó bunaíodh CnaG a chomóradh; féilte ceoil agus damhsa in Éirinn agus thar lear; ceolchoirmeacha; comórtais agus gradaim. San áireamh leis an ábhar seo tá cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.
Baineann an tsraith seo le foilsitheoireacht Chonradh na Gaeilge den chuid is mó, a bhfuil san áireamh léi ábhar a bhaineann le Clodhanna Teoranta; An Cló-Chumann; An Siopa Leabhar [siopa leabhar CnaG] mar aon le sraith léaráidí a bhfuil an seans ann gur úsáideadh iad i bhfoilsiú ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais ‘Íosagán agus Scéalta Eile’ [1930í-1950í?]. Áirítear léi chomh maith foshraith a bhaineann le hIrisí agus Nuachtáin a bhfuil ábhar ann nach é CnaG a d’fhoilsigh é.