Baineann ábhar san fhoshraith seo le ceolchoirmeacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, lena n-áirítear cláir, gearrthóga, grianghraif agus póstaeir agus tá sé in ord croineolaíoch.
Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
Baineann ábhar sa chomhad seo leis an nGig Gaelach (1990idí?) agus tá póstaeir agus grianghraif i ndubh agus bán de Kila, Éamann Galldubh, Blathnaid Ní Chofaigh agus eile.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le córas clárúcháin cairr a bhí beartaithe lena n-áirítear agóid Chonradh na Gaeilge i leith Béarla éigeantach ar uimhirphlátaí nua agus a dtacaíocht do Chiarán Ó Feinneadha, Baile Átha Cliath a rinne a chuid uimhirphlátaí féin agus a dhiúltaigh na cinn oifigiúla a úsáid.
Baineann an tsraith seo le hobair coistí agus fochoistí éagsúla Chonradh na Gaeilge a n-áirítear leis sin an Coiste Gnó; an Coiste Airgeadais [ar tugadh an Buanchoiste air chomh maith]; Coiste na bPáistí; Coiste na Féile; an Coiste Um Bhailiú Airgid; an Fochoiste Oideachais; an Fochoiste Gaeltachta; an Fochoiste Oiliúna agus na Fochoistí Craolacháin agus Meán. Miontuairiscí agus comhfhreagras is mó atá inti.
Tag / Ref: G60/17/4/1
Comhfhreagras a bhaineann le Seachtain na Gaeilge atá san fhoshraith seo, agus tá ord croineolaíoch uirthi. Tá ábhar poiblíochta inti chomh maith, lena n-áirítear samplaí suaitheantais [15/2/1/2] mar aon le hábhar a bhaineann le Comórtas Gael Earraí 1977-79 [G60/15/2/1/4].
Is éard atá sa tsraith seo ábhar a bhaineann leis an eagraíocht óige “Comhluadar” agus tá an tsraith foroinnte i 9 bhfo-fhoshraith agus comhad: Airgeadas (G60/11/3/1); Miontuairiscí agus Cláir Oibre (G60/11/3/2); Pleananna oibre agus tuarascálacha (G60/11/3/3); Ballraíocht (G60/11/3/4); Comhfhreagras (G60/11/3/5); Imeachtaí (G60/11/3/6); Ábhar léitheoireachta Gaeilge do Leanaí (G60/11/3/7); Áiseanna nua (G60/11/3/8) agus Ábhar Bolscaireachta (G60/11/3/9). Clúdaíonn sé timpeall 30 bliain ó thús na 1990idí.
San fho-fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le comóradh 100 bliain Chonradh na Gaeilge.
Rogha grianghraf ó 1993 lena n-áirítear ceiliúradh ar an gcomóradh, nóta £50 ar a raibh Dubhghlas de hÍde á bhronnadh ar CnaG ag an mBanc Ceannais; céilí amuigh faoin aer le damhsóirí Gaelacha lena n-áirítear b’fhéidir Joanne Doyle agus Colm Ó Sé le slua lena n-áirítear Tony Gregory agus Micheál Ó Muircheartaigh; grianghraif ó Club an Chonartha.
Baineann an fho-fhoshraith seo leis na mórócáidí ceiliúrtha a bhain le comóradh 50, 75 agus 100 bliain Chonradh na Gaeilge agus roinntear é a thuilleadh dá réir.