Tá ailt, fógráin agus treoirleabhair sa chomhad seo lena n-áirítear an t-alt "Gaeilge i Scoileanna Náisiúnta" i gclár gan chlúdach ca 1900.
Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le “Tionóil” éagsúla a chuimsíonn bileoga eolais, eolas faoi lóistín agus clárú, gearrthóga preasa agus eolas airgeadais. Cuimsíonn sé grianghraif dhaite de thuras 1997 go hInis Meáin le roinnt nodaireachta ar chúl.
Meascán ábhar atá sa chomhad seo, agus áirítear leis grianghraif den Súilleabhánach agus a chlann; Teastas Clárúcháin faoin National Service (Armed Forces) Acts do Dennis O'Sullivan (Ó Súilleabháin) ar cuireadh sa phostas i Learpholl é, 23/10/1940; dhá thuairisc bháis Uí Shúilleabháin in "Feasta" 07/1989, agus "Agus" 08/1989; clúdach litreach ina bhfuil grianghraif de bhean anaithnid san ospidéal agus mórshiúl Chorp Chríost, an Afraic, gan dáta.
Baineann an tsraith seo le taighde a rinne an eagraíocht mar chuid dá cuid oibre, nó taighde a thiomsaigh an eagraíocht, agus áirítear leis ailt a bhaineann le Conradh na Gaeilge agus lena stair; tuairiscí; suirbhéanna; foilseacháin agus tuarascálacha Rialtais; díospóireachtaí Dáil Éireann agus Seanad Éireann; míreanna a bhaineann le daoine a raibh spéis ag an gConradh iontu, iar-bhaill san áireamh; tráchtais agus páipéir thaighde mar aon le hábhar a bhaineann le daonáirimh éagsúla.
Baineann an tsraith seo le Seachtain na Gaeilge, ar féile coicíse í a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i mí an Mhárta agus ar chuir Conradh na Gaeilge tús léi in 1903 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. San áireamh leis an ábhar seo tá miontuairiscí; tuairiscí; cláir; ábhar fógraíochta; iarratais ar dheontais; comhfhreagras agus preasráitis.
Rogha grianghraf ón Oireachtas ina bhfuil roinnt le Lil Nic Dhonnchadha, Seán T Ó Ceallaigh, Éamon de Valera, Dubhghlas de hÍde, agus Seán Ó Riada (ag caint le Máire Breathnach agus le Mrs Jim Ryan ag fáiltiú an Oireachtais). Ann freisin tá grianghraf de Fhleadh na Leanbh 1909; Pádraig Ó Dálaigh (duaiseoir Oireachtais 1901); TD??? Thuaisceart Éireann (Eddie MacAteer b’fhéidir) ag tabhairt síniúchán ag an Oireachtas gan dáta; sna 40idí den chuid is mó.
Baineann an tsraith seo le riaradh na heagraíochta agus áirítear léi sonraisc agus fáltais, curricula vitae comhaltaí foirne; iarratais poist agus oiliúint foirne; doiciméid árachais; ceadúnais; agus ábhar a bhaineann le hoibleagáidí an fhostóra. Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina dtrí fho-fhoshraith; Preasráitis [G60/15/6/1], Gearrthóga [G60/6/2] agus Grianghraif [G60/6/3], agus ord croineolaíoch orthu ar fad.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar lena n-áirítear comhfhreagras, leabhráin, preaseisiúintí agus gearrthóga a bhaineann le polasaithe Chonradh na Gaeilge agus an Rialtais don cheantar Gaeltachta, agus tá sé curtha in eagar go croineolaíoch. I measc na n-ábhar tá suirbhéanna, mapa Chois Fharraige, bileoga feachtais "Údarás Gaeltachta de dhíth anois", agus ábhar a bhaineann le toghchán Údarás na Gaeltachta, 1984.
Chun ábhar gaolmhar a fheiceáil, féach G60/32/5
Baineann ábhar sa chomhad seo le poiblíocht imeachtaí sa chlub agus tá nuachtlitreacha, cláir, fógráin agus grianghraif ann.