Baineann ábhar san fhoshraith seo le taispeántais éagsúla a chuir Conradh na Gaeilge ar siúl, agus tá cuid de na míreanna ó na himeachtaí sin ann.
Páipéar; Grianghraf / Paper; Photographs
4 Archival description results for Páipéar; Grianghraf / Paper; Photographs
Is éard atá sa chomhad seo grianghraif dhubha agus bhána d’iar-uachtaráin CnaG, sínithe ag roinnt díobh, bainte as frámaí briste: Proinsias Mac Aonghusa, Ite Ní Chionnaith, Mícheál Ó Murchú, Albert Fry, Pádraig Ó Snodaigh, Maolsheachlainn Ó Caollaí, Cathal Ó Feinneadha, Mícheál Mac Cárthaigh, Tomás Ó Muircheartaigh, Annrai Ó Liatháin, Liam Ó Luanaigh, Diarmaid Mac Fhionnlaoich, Seán Óg Ó Tuama, Mac Giolla Bhríde, Cormac Breathnach, Dubhghlas de hÍde.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1960-1969 agus tá comhfhreagras ginearálta ann chuig Donncha Ó Súilleabháin Ard-Rúnaí CnaG; ábhar a bhaineann le hAlbain, neamhspleáchas na hAlban, filí na hAlban agus raidió na hAlban. Tá roinnt grianghraf dubh agus bán ann freisin.
Baineann an tsraith seo le hobair caidrimh poiblí agus mhargaíochta Chonradh na Gaeilge (CnaG). Áirítear leis ábhar ó sheimineáir a bhain le Caidreamh Poiblí; preasráitis i mBéarla agus i nGaeilge; ábhar fógraíochta lena n-áirítear póstaeir, bileoigíní agus taispeántais; doiciméid a bhaineann le fógraí a chur i bhfoilseacháin agus seirbhísí aistriúcháin; dearadh lógó nua; agus rannán cuimsitheach grianghraf.