Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le hachainí Cheardchumann Gairmiúil agus Teicniúil na Státseirbhíseach ar riarachán nua post i mbrainse foilseachán na Roinne Oideachais, Bealtaine 1980; ábhar a bhaineann le Gaeilge éigeantach agus an Ardteistiméireacht 1988 agus an siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach 1989. [Tugadh an chéad siollabas Teastas Sóisearach isteach i 1989 agus an chéad scrúdú i 1992. Tháinig sé in áit na Meánteistiméireachta].
Sa chomhad seo tá óráid le Donncha Ó Súilleabháin, rúnaí an Oireachtais ag oscailt Fhéile Drámaíochta an Chomhchaidrimh, an Taibhdhearc, Gaillimh; póstaer d’Aonach na gCártaí.
Is éard atá sa chomhaid seo léachtaí agus óráidí a chlúdaíonn na 1960idí agus áirítear iontu ábhar a bhaineann leis an tsraith léachtaí “Todhchaí na hÉireann" Aibreán 1967 (15/4 - "Lá na Scolb", Maoilsheachlainn Ó Caollaí; 22/4 - "Oideachas", Máire Nic Aoidh; 29/4 - "Polaitíocht", Séamus Puirséil;). I measc na léachtaí freisin tá "Bronnadh Fáinní ar Bhuachaillí San Marian College 31/5/1960; "The Irish Language and why it must be revived" Mícheál Mac Cárthaigh, 9/2/1962; "Irish in our Educational system", siompóisiam, Luimneach, 11/2/62; "Cad Chuige gur gá an Ghaeilge a Athbheochan", 28/2/1964; "Aspects of Bilingualism", Desmond Swan 13/9/1969. Sa chomhad seo freisin tá bosca de shleamhnáin scannáin Kodagraph Ortho a bhaineann le leabhar ar stair CnaG, a úsáideadh seans ag cur i láthair a tugadh faoin leabhar.
Sa chomhad seo tá páipéir scrúdaithe Mheánteistiméireachta agus Ardteistiméireachta na Roinne Oideachais 1958 agus 1959; Páipéar scrúdaithe Ardteistiméireachta na Roinne Oideachais “Ealaín agus Líníocht, Líníocht Theicniúil agus Gréas-chóiriú Onóracha”, 1962.