Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo dhá leabhar gearrthóg le gearrthóga agus grianghraif ón Oireachtas sna 1940í, 1950í agus 1970í.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le hábhar léitheoireachta do leanaí lena n-áirítear dhá ghearrscéal, cáipéisí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhaineann le seirbhísí do thuismitheoirí agus don óige, agus miontuairiscí ón gCoiste um Straitéis Timireachta 1999-2001.
Ábhar léachtaí agus lámhscríbhinní atá san fhoshraith seo agus áirítear léi aistí leis an Athair Pádraig de Búrca (G60/44/3/1) agus cóip lámscríofa de “Séadna”, arna scríobh ag an Ath. Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire], arb í a pheannaireacht féin atá ann agus a bhfuil roinnt ceartúchán ann (G60/44/3/2).
Tá ábhar gearrshaolach san fhoshraith seo a úsáideadh chun Conradh na Gaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá greamáin (G60/7/9/1), suaitheantais (G60/7/9/2), pinn (G60/7/9/3), balúin (G60/7/9/4), agus banda cinn éadaigh ann (G60/7/9/5).
Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo ábhar gearrshaolach a bhaineann leis an Oireachtas, lena n-áirítear ticéid, greamáin, bileoigíní, póstaeir, boinn comórtais agus páipéar ceannteidil folamh.
Ábhar gearrshaolach atá san fhoshraith seo a bhaineann le feachtas bliantúil Sheachtain na Gaeilge agus san áireamh inti tá bileoigíní, póstaeir, greamáin agus pacáistí preasa.
Bileoigíní agus ábhar gearrshaolach eile do chúrsaí Chonradh na Gaeilge agus do chúrsaí eile atá sa chomhad seo, agus áirítear leis bileoigín “Limerick Do Your Duty to the Language”, gan dáta.
Tá dhá phóstaer sa chomhad seo a bhaineann leis an bhfeachtas in aghaidh an bhruscair de chuid na Roinne Comhshaoil; sraith greamaitheoirí Chonradh na Gaeilge; agus féilire dar teideal "Inis Fáil: Oileán na Sleibhte Maorga agus na n-ainmneacha áille" 1995.
Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le cur chun cinn na heagraíochta agus tá pacáistí eolais, grianghraif, comhfhreagras a bhaineann le dearadh lógó, gearrthóga nuachtáin agus nuachtlitreacha le fáil ann.
Is éard atá san fho-fhoshraith seo ábhar bolscaireachta d’imeachtaí éagsúla chomh maith le dréachtaí de “Nasc” (nuachtlitir na heagraíochta), gearrthóga agus pleananna forbartha.