Nótaí taighde idir lámhscríofa agus chlóscríofa atá san fhoshraith seo agus baineann sí den chuid is mó le páipéar nuachta Chonradh na Gaeilge, An Claidheamh Soluis, agus go háirithe leis na blianta 1903-1909. Tá roinnt dréachtaí nár críochnaíodh ann chomh maith.
Bunaíodh An Claidheamh Soluis in 1899. Is ó mhiotaseolaíocht na nGael a fuarthas an t-ainm. Eoin Mac Néill an chéad eagarthóir a bhí air, agus é i gceannas ar an bhfoilseachán ó 1899 go dtí 1901. Ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ina eagarthóir air ó 1903 go dtí 1909. Bhí ról nach beag ag an bpáipéar nuachta san Athbheochan le linn don Phiarsach a bheith ina eagarthóir, agus foilsíodh saothair liteartha úrnua ann, i nGaeilge agus i mBéarla. Ba nós ag an bpáipéar freisin ailt a fhoilsiú ina ndearnadh trácht ar ghnéithe cultúrtha. Seán Mac Giollarnáth a bhí ina eagarthóir ó 1909 go dtí 1916. Lean an páipéar faoi ainmneacha eile, Fáinne an Lae (1918–19, 1922–30) agus Misneach (1919–22), sular filleadh ar an ainm bunaidh, An Claidheamh Soluis, in 1930–1. Tháinig deireadh leis tar éis 1932.