Baineann ábhar sa chomhad seo le coiste Chonradh na Gaeilge ar ghnóthaí eaglasta agus tá comhfhreagras agus miontuairiscí ann.
Sa chomhad seo tá miontuairiscí, comhfhreagras agus cuntais a bhaineann le tiomsú airgid do Chonradh na Gaeilge agus áirítear leis ábhar a bhaineann le Gasra Tiachóige.
Féach freisin G60/3/14
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hobair an choiste Feidhmiúcháin agus tá siad roinnte ina gcúig fhoshraith eile mar atá Miontuairiscí (G60/3/1/1); Tinreamh (G60/3/1/2); Riarachán (G60/3/1/3); Baill Choistí (G60/3/1/4) agus Preas agus Nuachtlitreacha (G60/3/1/5).
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an gCoiste Fiosrúcháin a bunaíodh in 1982 le scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna caiteachais a bhain le roinnt craobhacha.
Bunaíodh an Coiste Athmheasa in 1979 le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, ar chuspóirí agus ar mhodhanna oibre Chonradh na Gaeilge. Ina cheann sin rinne sé taighde ar phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath féachaint an bhféadfaí Gaeltacht bheag a bhunú sa phríomhchathair. Sa chomhad seo tá comhfhreagras (lena n-áirítear comhfhreagras le Bord na Gaeilge), miontuairiscí, ábhar taighde agus gearrthóga.
San fho-fhoshraith seo tá miontuairiscí cruinnithe coiste, comhfhreagras agus tuairiscí ó na 1940í go dtí na 2000í agus eagraítear go cróineolaíoch í. Baineadh úsáid as na téarmaí ‘an Coiste Airgeadais’ agus ‘an Buanchoiste’ ar bhonn inmhalartaithe.
Tá dhá dhoiciméad sa chomhad seo a bhaineann leis an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin (BCC): preaseisiúint inar fógraíodh ceapacháin nua ar an gcoimisiún (30/08/1983) agus comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus an coimisiún i ndáil leis an ráiteas a rinne Joe Duffy go gcuirfí beatha daoine i mbaol mar thoradh ar an moill a cuireadh ar aistriúchán doiciméid phoiblí de chuid an Automobile Authority (réamhtheachtaí féideartha an Údaráis um Shábháilteacht Bóithre). (2004)
This file contains two documents relating to the Broadcasting Complaints Commission (BCC): a press release announcing new appointments onto the commission (30/08/1983) and correspondence between Conradh na Gaeilge and the commission in relation to a claim made by Joe Duffy that delay in translation of a public document by the Automobile Authority into Irish would cost lives. (2004)
Tag / Ref: G60/36/14
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo leis an gCoimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus áirítear leis tuairiscí, ailt, aistí, miontuairiscí, comhfhreagras agus gearrthóga. An tréimhse idir 1940 agus 1980 atá i gceist leis an ábhar seo, bíodh is go bhfuil roinnt fótachóipeanna ann ó thréimhse beagán níos luaithe ná sin sna 1920í. Tá an chosúlacht ar chuid den ábhar seo gur baineadh úsáid as chun críche taighde agus áirítear leis nótaí [le Donncha Ó Súilleabháin?] a rinneadh, b’fhéidir, sna 1980í. Rinneadh an t-ábhar a chomhdú in ord croineolaíoch nuair ab fhéidir le nach n-athrófaí a leithéid d’eagar a ceapadh a bheith ann.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann leis an gCoimisiún Teilifíse, a raibh Donnchadh Ó Súilleabháin ina bhall de, agus áirítear leis tuairiscí agus comhfhreagras. Tá grianghraif agus tuairiscí ann a bhaineann le cuairteanna a tugadh ar roinnt stáisiún teilifíse cosúil le stiúideonna Granada TV / ABC i Manchain agus Associated Television Ltf (ATV) in Birmingham.
Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann leis an gCló-Chumann ó 1903.