Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Póstaeir
UGA G/G60/35/12 · File · 20/08/1976-23/08/2004
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le himeachtaí éagsúla, agus áirítear leo an chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Mhionteangacha 1980 agus comhdháil faoi “Lesser Used Languages in a Europe without boundaries”, an Bhreatain Bheag 1988.

Póstaeir
UGA G/G60/7/5/7 · File · [1980]-[2000]
Part of Gaeilge

Tá roinnt póstaer sa chomhad seo lena n-áirítear póstaeir do Sheachtain na Gaeilge. Cuimsíonn sé freisin an póstaer "Courts in Contempt of Constitution"[Cúirteanna i nDíspeagadh an Bhunreachta]- féach G60/29/27/4 le haghaidh cás Thomáis Uí Mhonacháin, ar cruthaíodh an póstaer seo ar a shon.

Póstaeir ollmhóra
UGA G/G60/7/5/8 · Sub-sub-series · [1980]-[2000]
Part of Gaeilge

Tá roinnt cóipeanna de dhá phóstaer ollmhóra san fho-fhoshraith seo: "Do theanga, do rogha" agus "Olltoghcháin 1982”.

Preas
UGA G/G60/14/12 · Sub-series · 1897-2009
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina trí fho-fhoshraith a bhfuil preasráitis, gearrthóga agus grianghraif, faoi seach, iontu. San áireamh san fho-fhoshraith dheiridh tá samhlacha réamhphriontála ar baineadh úsáid astu ina dhiaidh sin i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Chonartha.

Tá na grianghraif dubh agus bán den chuid is mó agus tógadh sna 1940í agus sna 1950í iad. Áirítear leo cór neamhaitheanta a bhain duais; crochadh/baint anuas pictiúr [sa Ghailearaí Náisiúnta?] le haghaidh taispeántas an Oireachtais (gan dáta) agus dhá ghrianghraf a bhfuil na píobairí Andy Keane, Josephine O'Dowd (deirfiúr céile Willie Reynolds, An Grianán, Iarmhí) Willie Reynolds, Dick O'Neill agus Francis McPeake orthu (G60/14/12/3/1). Tá Cláirseach an Oireachtais, ar bronnadh ar bhuaiteoir duaise in 1903 í, ar ghrianghraf daite amháin (G60/14/12/3/3).

Preas
UGA G/G60/15/6 · Sub-series · 27/08/1977-2006
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina dtrí fho-fhoshraith; Preasráitis [G60/15/6/1], Gearrthóga [G60/6/2] agus Grianghraif [G60/6/3], agus ord croineolaíoch orthu ar fad.

Preas agus nuachtlitreacha
UGA G/G60/3/1/5 · Sub-sub-series · 1948-1977
Part of Gaeilge

Tá san fho-fhoshraith seo gearrthóga nuachtáin agus fótachóipeanna de mhíreanna nuachta a bhaineann leis an gcoiste, mar aon le nuachtlitreacha coiste idir 1967 agus 1969.

Preaseisiúintí
UGA G/G60/30/19 · File · 12/01/1981-01/09/2003
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo preaseisiúintí a bhaineann le hoideachas sa tréimhse 12/1/1981-1/9/2003.

Preaseisiúintí
UGA G/G60/7/2 · Sub-series · 08/06/1966-08/05/1993
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo preasráitis agus ráitis oifigiúla Chonradh na Gaeilge, i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá sé in ord croineolaíoch.