Baineann ábhar sa chomhad seo le hoideachas tríú leibhéal sa tréimhse 1980-1989. Tá comhfhreagras, preasráitis agus Bille Ollscoil Luimnigh 1989 ann.
Baineann ábhar sa chomhad seo le hoideachas tríú leibhéal sa tréimhse 1990-1999. Tá comhfhreagras, suirbhéanna, preasráitis agus gearrthóga nuachtáin ann.
Baineann ábhar sa chomhad seo le hoideachas tríú leibhéal sa tréimhse 2000-2007 agus áirítear ann comhfhreagras, pleananna forbartha agus straitéisí, aighneachtaí, leabhrán eolais ar chúrsaí Gaeilge 3ú leibhéal, seimineáir agus gearrthóga nuachtáin.
Tuarascálacha bliantúla an Ombudsman do na blianta 1997 agus 1998 atá sa chomhad seo, agus tá roinnt nótaí breise ann.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hOifig an tSoláthair, ar oifig í a chuir ábhar agus foilseacháin ar fáil don státseirbhís thar ceann an rialtais. Tá eagar curtha air in dhá chomhad, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó. Cuimsítear an tréimhse ó 22/11/1953 go dtí 1957 in G60/39/5/1, agus an tréimhse ó 03/08/1978 go dtí 15/07/1983 in G60/39/5/2.
San fhoshraith seo, tá ábhar a bhaineann le hoiliúint a chur orthu siúd atá i mbun foghlaim nó teagasc na Gaeilge, agus rinneadh an t-ábhar a fhoroinnt arís. Baineann na chéad trí fho-fhoshraith, faoi seach, le cúrsaí teanga (G60/31/1/1), scoileanna samhraidh (G60/31/1/2) agus le daonscoileanna (G60/31/1/3) agus tá ord croineolaíoch ar gach ceann acu nuair is féidir. Cuireadh leabhair chúrsa agus comhfhreagras maidir le hoiliúint treoraithe (múinteoirí) sa chomhad “Cúrsaí do Threoraithe” (G60/31/1/4). Tá ábhar a bhí in úsáid ag múinteoirí agus foghlaimeoirí araon chun éascaíocht a dhéanamh do theagasc/foghlaim na Gaeilge, cosúil le téacsleabhair, cleachtaí teanga agus leabhair ghearrthóg foclóireachta, san fhoshraith “Ábhar do Theagasc/Foghlaim” (G60/31/1/5). Sna trí chomhad deiridh san fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le téarmaíocht na Gaeilge (G60/31/1/6), bileoigíní agus ábhar gearrshaolach (G60/31/1/7) agus AnCO (An Chomhairle Oiliúna) (G60/31/1/8).
Baineann an tsraith seo le hoiliúint agus fostaíocht i gcomhthéacs na Gaeilge. Roinntear ina dá fhoshraith í, is é sin oiliúint agus fostaíocht faoi seach. Roinntear an chéad fhoshraith arís chun na míreanna seo a leanas a chuimsiú: ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga; scoileanna samhraidh; daonscoileanna, cúrsaí do threoraithe; áiseanna don fhoghlaim agus don teagasc mar aon leis an gComhairle Oiliúna (AnCO). Tá fo-ranna eile sa dara foshraith faoina gcuimsítear FÁS (An Foras Áiseanna Saothair); an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta; agus fostaíocht do lucht na Gaeilge. Áirítear leis an ábhar tuairiscí, comhfhreagras, bileoigíní agus gearrthóga.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le hoiliúint foirne agus tá lámhleabhair agus ábhar cúrsa ann.
An tUachtarán agus dhá Theach atá i gceist le hOireachtas Éireann: Dáil Éireann (Teach na dTeachtaí) agus Seanad Éireann, a bhfuil a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí díorthaithe ó Bhunreacht na hÉireann, ar achtaigh muintir na hÉireann é an 1 Iúil 1937.
Ábhar atá bainteach leis an Oireachtas atá san fhoshraith seo, agus fo-roinntear arís é ina dhá fho-fhoshraith: an tUachtarán (G60/39/1/1) agus Tithe an Oireachtais (G60/39/1/2). Áirítear leis comhfhreagras, tuairiscí, gearrthóga agus aighneachtaí.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comórtais rince an Oireachtais (Oireachtas Rince na hÉireann agus Oireachtas Rince na Cruinne) agus san áireamh ann tá cláir, comhfhreagras agus liosta buaiteoirí na gcomórtas.