Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Cainteanna Síochána.
Is éard atá san ábhar san fhoshraith seo comhfhreagras, óráidí agus ráitis a bhaineann le páirtithe polaitiúla agus Tuaisceart Éireann, an caidreamh Angla-Éireannach agus Comhaontú Aoine an Chéasta.
Is éard atá i gComhad G60/37/7/1 sraith óráidí agus ráiteas ón Taoiseach Jack Lynch TD faoi Aontú na hÉireann, Tuaisceart Éireann, agus an Caidreamh Angla-Éireannach 1969-71; iarratas ó Shinn Féin ar Chonradh na Gaeilge seasamh poiblí a ghlacadh maidir leis na baill de chlubanna Poblachtacha a d’ionsaigh nó a mharaigh na Sealadaigh, mar aon le liosta de na hionsaithe (1-6/11/1975), agus sliocht as an gcolún "An UVF agus an Ghaeilge", le Breandán Ó hEithir 9/5/1974.
Áirítear i gcomhad G60/37/7/2 comhfhreagras le Sinn Féin maidir le stádas na Gaeilge i bpríosúin i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann 1985-1986 agus litir ó rannóg réimeas na bpríosún in Oifig Thuaisceart Éireann chuig Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge ina ndeirtear go bhfuil níos lú Gaeilge á úsáid agus nach gceadaítear ach beannachtaí ar litreacha anois, agus gur cuireadh stop le cluichí CLG agus le ranganna teanga ó d’éalaigh príosúnaigh as na H-Bhloic in 1983. Tá comhfhreagras ann chomh maith a bhaineann leis an Belfast Telegraph a chuir Béarla ar ainm Gaeilge duine de chomhairleoirí Shinn Féin agus le Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre maidir lena bpolasaí Gaeilge, 1986, 1987.
Áirítear sa chomhad deiridh G60/37/7/3 ábhar a bhaineann leis an gcomhaontú ar thángthas air sna Cainteanna Ilpháirtí 10/4/1998 (Comhaontú Aoine an Chéasta); cóip de leabhrán an reifrinn ar na leasuithe bunreachtúla a bhí le déanamh; bileoga don chomhdháil “Forbairt Eacnamaíochta agus an Ghaeilge” Bealtaine 1994, agus Slógadh Shinn Féin 1994; cuireadh ó Chomhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann freastal ar shiompóisiam "Law and language matters in Northern Ireland" 03/02/2003.
Is éard atá san ábhar sa chomhad seo dréacht-treoirlínte Caidreamh Poiblí agus poiblíochta, moltaí agus ábhar oiliúna.
Baineann an tsraith seo le hobair caidrimh poiblí agus mhargaíochta Chonradh na Gaeilge (CnaG). Áirítear leis ábhar ó sheimineáir a bhain le Caidreamh Poiblí; preasráitis i mBéarla agus i nGaeilge; ábhar fógraíochta lena n-áirítear póstaeir, bileoigíní agus taispeántais; doiciméid a bhaineann le fógraí a chur i bhfoilseacháin agus seirbhísí aistriúcháin; dearadh lógó nua; agus rannán cuimsitheach grianghraf.
Baineann ábhar sa chomhad seo le dréachtaí éagsúla de bhunreacht Chonradh na Gaeilge and Chomhaltas Uladh chomh maith le buanorduithe.
Is éard atá san fhoshraith seo dréachtaí, foirmeacha, ciorcláin, ailt agus ábhar eile a bhaineann le rialacha agus le bunreacht Chonradh na Gaeilge chomh maith le hábhar, cosúil le comhfhreagras agus preaseisiúintí, a bhaineann le forbairt agus le struchtúr na heagraíochta.
Sa chomhad seo tá bunreacht agus rialacha do Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge (1964-65, 1979, 2002); liosta na n-uachtarán 1926-1998; alt faoi Chomhaltas Uladh mar chuid de Chonradh na Gaeilge agus paimfléid lena n-áirítear "Cnuasacht de Cheoltaí Uladh" 1946.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le bunreacht an chlub. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le ceadúnais teilifíse don chlub agus ceadúnais chun alcól a dhíol.