San fhoshraith seo tá bileoga ceoil a bhaineann le comórtas bliantúil an Oireachtais agus áirítear léi cóipeanna de “Go Mairidh Ár nGaedhilg Slán”, ar scríobhadh agus ar cumadh go sainiúil é don chéad Oireachtas, Baile Átha Cliath in 1897 (is ó 1905 an scór, arna fhoilsiú ag Conradh na Gaeilge).
Rogha grianghraf a bhaineann le ceol agus spórt lena n-áirítear roinnt grianghraf neamhaitheanta d’fhoirne camógaíochta agus iománaíochta (luath sa 20ú haois?), agus b’fhéidir de Bhanna Píob Fintan Lawlor ag an gCraobh Uile-Éireann i bPáirc an Chrócaigh [1930idí?].
Sa chomhad seo tá preaseisiúintí maidir le meon ‘maslach’ Century Radio i leith na Gaeilge.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le cearta teanga, Gaeilge san oideachas, an chaoi ar láimhseáil rialtas na na Ríochta Aontaithe an Ghaeilge, cruinniú de thoscaireacht ó Chonradh na Gaeilge le Tony Worthington, an tAire Oideachais agus Fostaíochta i dTuaisceart Éireann (12/11/1997), agus polasaí an Chonartha i dTuaisceart Éireann.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le cearta teanga, Gaeilge san oideachas, Gaeilge ar an teilifís agus sna meáin chlóite, an chaoi ar láimhseáil rialtas na RA an Ghaeilge maidir le síocháin agus athmhuintearas, agus dearcthaí ginearálta i leith na teanga. Cuimsíonn sé ábhar freisin a bhaineann le saighdiúirí na Breataine ar shráideanna Thuaisceart Éireann (Lúnasa 1994) agus léirsithe agus cruinnithe poiblí.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascáil Opsahl ar Thuaisceart Éireann 1993.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le cearta teanga, Gaeilge san oideachas, an chaoi ar láimhseáil rialtas na RA an Ghaeilge maidir le síocháin agus athmhuintearas, agus dearcthaí ginearálta i leith na teanga Áirítear ann an dara tuarascáil ó Iontaobhas Ultach 1991-1993 agus achoimre ar aighneacht Chonradh na Gaeilge chuig an gCoimisiún um Chearta an Duine i dTuaisceart Éireann maidir leis an gCeart Páirt a Ghlacadh i Saol an Chultúir.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le cearta teanga lena n-áirítear éileamh Chonradh na Gaeilge ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart, agus an Bille Cearta, 1986 agus comhfhreagras le haontais mac léinn agus cumainn Ghaelacha éagsúla in ollscoileanna an Tuaiscirt maidir le húsáid na Gaeilge ar na campais.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear comhfhreagras le hairí i rialtas na hÉireann; suirbhé ar dhearcthaí i leith na Gaeilge i nDoire; ábhar preasagallaimh an fheachtais “Cearta Teanga”; ábhar ó chumann na hÉireann – na Breataine, lena n-áirítear a gcomhdháil, "Hillsborough – room for negotiation?” in Oxford.
Áirítear i measc an ábhair sa chomhad seo comhfhreagras le Seirbhísí Príosúin na Banríona, Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Roy Mason, Oifig Thuaisceart Éireann, Caisleán Stormont, an Rúnaí Baile, Whitehall, Londain, an Príomh-Aire Margaret Thatcher, agus Roinn Gnóthaí Baile agus Sláinte na hAlban. Tá ábhar ann a bhaineann le cearta daonna príosúnach polaitiúil agus daoine a gabhadh faoi reachtaíocht éigeandála, le gan glacadh a bheith le hainmneacha Gaeilge ag calafoirt na RA, nó nuair a stopann an RUC daoine, le soláthar leabhar Gaeilge do phríosúin, gabháil an Athar Pól Mac Seáin, agus cás Sheáin Uí Chanáin a cúisíodh as gan cáin a bheith aige ar a charr (bhí an carr den bhóthar, tháinig sé chun na cúirte, theastaigh uaidh go n-éistfí a chás i nGaeilge, diúltaíodh dó, agus gearradh fíneáil air ansin "agus é as láthair").