Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Coimisiúin na Gaeilge
UGA G/G60/33 · Series · [1943]-2009
Part of Gaeilge

Dhá fhoshraitheanna atá sa tsraith seo: an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus Coimisiún na Gaeilge. I measc an ábhair tá tuairiscí, suirbhéanna, preasráitis, comhfhreagras, grianghraif agus gearrthóga.

Clubanna eile
UGA G/G60/11/8 · Sub-series · 1976-2002
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le clubanna Chonradh na Gaeilge i nDún na nGall agus i mBéal Feirste (G60/11/8/1), agus i nGaillimh, Corcaigh agus Ceatharlach (G60/11/8/2).

UGA G/G60/46/1 · Sub-series · [196-]-[06/2012]
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le reáchtáil chlub Chonradh na Gaeilge, imeachtaí san áireamh, agus déantar an t-ábhar sin a fhoroinnt tuilleadh sna fochatagóirí seo a leanas: ballraíocht (G60/46/1/1); bunreacht, rialacha agus cuspóirí an chlub (G60/46/1/2); miontuairiscí coiste agus ráitis airgeadais (G60/46/1/3); comhfhreagras (G60/46/1/4) mar aon le himeachtaí a reáchtáladh ag an gclub féin (G60/46/1/5). Tá comhfhreagras, miontuairiscí, bileoigíní agus ábhar fógraíochta eile ann, agus tá ord croineolaíochta curtha air laistigh de gach catagóir.

Féach freisin G60/11/7

Club Chonradh na Gaeilge
UGA G/G60/11/7 · Sub-series · 1970-2013
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le club Chonradh na Gaeilge, grúpa pobail deonach a bhfuil sé mar aidhm aige idirghníomhaíocht shóisialta, siamsaíocht agus caitheamh aimsire a sholáthar do dhaoine trí Ghaeilge. Chuige sin, tá spás ar cíos acu i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ar shráid Fhearchair, agus bíonn os cionn céad imeacht in aghaidh na bliana acu. Tá an fhoshraith roinnte ina 6 fho-fhoshraith agus comhad: Bunreacht agus Ceadúnais (G60/11/7/1); Miontuairiscí (G60/11/7/2); Foireann (G60/11/7/3); Imeachtaí (G60/11/7/4); Poiblíocht (G60/11/7/5) agus Comhfhreagras (G60/11/7/6).

Clodhanna Teoranta
UGA G/G60/9/1 · Sub-series · 1906-2003
Part of Gaeilge

Baineann an fhoshraith seo le hábhar as cuideachta chlódóireachta inmheánach Chonradh na Gaeilge, Clodhanna Teoranta agus tá sé roinnte ina dhá fho-fhoshraith; Cuntais agus Ginearálta. Is rogha beag ábhar atá ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais na cuideachta (G60/9/1/1), leabharliosta croineolaíoch d'fhoilseacháin CnaG 1893-1926, a cuireadh le chéile in 1934 agus conradh idir Conradh na Gaeilge agus Maghnus Ó Domhnaill maidir le Clodhanna Teoranta (31/7/31) (G60/9/1/2).

Clárúchán Cairr
UGA G/G60/29/13 · File · [10/1986]-[11/1999]
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le córas clárúcháin cairr a bhí beartaithe lena n-áirítear agóid Chonradh na Gaeilge i leith Béarla éigeantach ar uimhirphlátaí nua agus a dtacaíocht do Chiarán Ó Feinneadha, Baile Átha Cliath a rinne a chuid uimhirphlátaí féin agus a dhiúltaigh na cinn oifigiúla a úsáid.

Cláir/Programmes
UGA G/G60/12/1 · File · 1958-2000
Part of Gaeilge

Tá cláir sa chomhad seo do Dháil Mór Chomhaltas Uladh do na blianta a leanas 1958-1964, 1968, 1969, 1971-1988, 1990, 1991 agus 1993-2000.

UGA G/G60/14/3/11 · File · 2000-2009
Part of Gaeilge

Cláir Oireachtais lena n-áirítear liostaí lámhscríofa de chláir sa bhailiúchán (2000-2009)