Tá ábhar taighde sa chomhad seo a bhaineann le Coláiste Bhaile an Róistigh, Corcaigh, áit ar fhreastail Ó Súilleabháin mar mhac léinn, mar aon le cóipleabhar (1930-1931).
Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina cúig fho-fhoshraith, is iad sin Baile Átha Cliath, Laighin, an Mhumhain, Connachta agus Ulaidh agus tá sí curtha in ord de réir méide. Is é atá san ábhar miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, ballraíocht, ciorcláin agus tinreamh coistí a bhaineann leis na coistí dúiche.
Nótaí taighde atá sa chomhad seo agus eagar curtha ag Ó Súilleabháin orthu faoi na teidil seo: "Coiste Chontae Chiarraí 1915 go 26/10/20"; "Coistí Ceantair"; "Coiste Ceantair - Maigh Chromtha, Dhún Méanmhara, Laoi"; "Nótaí 1901 - CnaG Sráid Fhearchair" lena n-áirítear leabhar nótaí a bhfuil an lipéad "Coiste Chontae Chiarraí 1921-39” air; "Eolas ó Leabhar an Sláid (1900-1901)".
Sa chomhad seo tá comhfhreagras a bhaineann leis na coistí áitiúla agus onóra i mí na Samhna 1978.
Baineann an tsraith seo le hobair coistí agus fochoistí éagsúla Chonradh na Gaeilge a n-áirítear leis sin an Coiste Gnó; an Coiste Airgeadais [ar tugadh an Buanchoiste air chomh maith]; Coiste na bPáistí; Coiste na Féile; an Coiste Um Bhailiú Airgid; an Fochoiste Oideachais; an Fochoiste Gaeltachta; an Fochoiste Oiliúna agus na Fochoistí Craolacháin agus Meán. Miontuairiscí agus comhfhreagras is mó atá inti.
Baineann an fhoshraith seo le coistí go leor a bunaíodh le cúram a dhéanamh de na foirgnimh in úinéireacht Chonradh na Gaeilge agus tá inti miontuairiscí, cuntais, tuarascálacha agus pleananna le haghaidh athchóiriú agus athleagan amach a dhéanamh ar chuid de na foirgnimh sin.
Baineann G60/3/33/1 agus G60/3/33/2 leis an gcoiste a bhí freagrach as cothabháil 19 Plás Íle, Baile Átha Cliath agus as an gcíos a bhailliú; baineann G60/3/33/3 agus G60/3/33/5 le 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath agus clúdaítear iontu na tréimhsí 1968-1979 agus 2001-2002 faoi seach. Baineann G60/3/33/4 le hobair Ghasra na nÁras agus áirítear leis foirgnimh ar bhain craobhacha go leor de chuid Chonradh na Gaeilge úsáid astu. Áirítear leis seo Teach Rothe, Cill Chainnigh; Halla Liam Bulfin, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath; Áras Phádraig, Inse Chór, Baile Átha Cliath; Halla an Banban, Contae na Mí; Áras na nGael, Cathair na Gaillimhe; Áras Íde, Cathair Luimnigh; Áras An Craobhín Aoibhinn, Paráid na Díge, Corcaigh agus Sráid Liam, An Lorgain, Co. Ard Mhacha.
Féach freisin G60/1/5
Litir ó Dáithí Ó hÓgáin maidir leis an gComhairle Ealaíon agus an chaoi a gcaitear leis na hEalaíona Traidisiúnta, 1/2/2004
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le “Éigse Sgoil Chúil Aodha”, “Feis Átha Cliath” agus “Comoradh 50 bliain an Chonartha”.
Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo miontuairiscí, ceapacháin, tuairiscí agus comhfhreagras a bhaineann le Coiste an Oireachtais agus tá ord croineolaíoch uirthi.
San áireamh leis an ábhar tá siollabais na gcomórtas (G60/14/1/1); dearbháin iarnróid agus comhfhreagras a bhaineann le margadh speisialta dóibh siúd a bhí ag freastal ar an Oireachtas (G60/14/1/2); conarthaí idir Conradh na Gaeilge agus an Coiste (G60/14/1/3) agus comhfhreagras le coiste Eisteddfod [féile chultúrtha sa Bhreatain Bheag] (G60/14/1/7).