Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo ábhar a bhaineann le taispeántas ealaíne bliantúil an Oireachtais agus san áireamh inti tá cláir, comhfhreagras, grianghraif agus ábhar fógraíochta.
Grianghraf dubh agus bán d’fhoireann CnaG ag ullmhú taispeántais, b’fhéidir do chomóradh 50 bliain an Chonartha.
Baineann an tsraith seo le taighde a rinne an eagraíocht mar chuid dá cuid oibre, nó taighde a thiomsaigh an eagraíocht, agus áirítear leis ailt a bhaineann le Conradh na Gaeilge agus lena stair; tuairiscí; suirbhéanna; foilseacháin agus tuarascálacha Rialtais; díospóireachtaí Dáil Éireann agus Seanad Éireann; míreanna a bhaineann le daoine a raibh spéis ag an gConradh iontu, iar-bhaill san áireamh; tráchtais agus páipéir thaighde mar aon le hábhar a bhaineann le daonáirimh éagsúla.
Is éard atá sa chomhad seo óráidí (Donncha Ó Súilleabháin nó Seán MacMathúna?) le nótaí nasctha le staitisticí agus fíricí faoin nGaeilge agus an tábhacht a bhaineann léi.
Cuimsíonn an comhad seo suirbhéanna agus ceisteanna don Aire Oideachais ó na 1980idí lena n-áirítear an tuarascáil "Dearcadh an Phobail i leith Gaeilge sna Scoileanna", torthaí an tSuirbhé Náisiúnta, Bord na Gaeilge, Deireadh Fómhair 1988; Ceisteanna Dála don Aire Oideachais Feabhra 1988.
Clúdaítear an tréimhse 1968-1980 san ábhar atá sa chomhad seo agus baineann sé le struchtúr agus le feidhm na heagraíochta lena n-áirítear struchtúr an Choiste Gnó, feidhm na gcomhairlí ceantair, moltaí maidir le struchtúr Ógras, téarmaí agus coinníollacha maidir le ceapachán foirne, líon foirne, próiseas araíonachta, treoracha agus aidhmeanna Chlub Chonradh na Gaeilge, agus ábhar cúrsa a bhaineann le craobhacha a eagrú.
Ailt éagsúla a bhaineann le stair an Oireachtais atá san fhoshraith seo, agus áirítear léi cainteanna le Donncha Ó Súilleabháin.
Sraith de 10 sceitse páipéir agus dúigh (suite ar chlár) sínithe ag "TERRY". Is cosúil gur léaráidí iad seo a seoladh chuig an gclódóir chun iad a thiontú go liteagraif le haghaidh leabhar ar dócha gurb iad gearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais iad "Íosagán agus Scéalta Eile" a d'fhoilsigh an Conradh [1930idí-50idí?]. Ar chúl roinnt léaráidí tá “… Etch very carefully, [Friday?] 9th May".
Nóta an Chartlannaí: De ghnáth scriosadh an clódóir na míreanna seo tar éis dóibh liteagraif a dhéanamh.
Baineann an tsraith seo le spórt, agus le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) go háirithe. Áirítear leis an ábhar comhfhreagras; gearrthóga; cláir; nithe a bhaineann le comórtas Thomáis Ághas; póstaeir agus bróisiúir ina liostaítear téarmaí spóirt éagsúla i nGaeilge.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le sos cogaidh an IRA Shealadaigh in 1994.