Showing 48067 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Comhfhreagras
UGA G/G60/15/2 · Sub-series · 13/07/1976-[03/2003]
Part of Gaeilge

Comhfhreagras a bhaineann le Seachtain na Gaeilge atá san fhoshraith seo, agus tá ord croineolaíoch uirthi. Tá ábhar poiblíochta inti chomh maith, lena n-áirítear samplaí suaitheantais [15/2/1/2] mar aon le hábhar a bhaineann le Comórtas Gael Earraí 1977-79 [G60/15/2/1/4].

Comhfhreagras
UGA G/G60/38/4/1 · 1951-1969
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras chuig agus ó pháirtithe polaitíochta éagsúla agus polaiteoirí aonair agus tá ábhar ann a bhaineann le toghcháin na Dála agus an tSeanaid, 1951; bileoigín don Ardmhéara Alfie Byrne; ábhar a bhaineann le Cumann Náisiúnta na hÉireann 1957, Eagraíocht Free Ireland 1964, an Comhar Poiblí 1964, Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach Críostaí 1969, Páirtí an Lucht Oibre 1969 agus Saoirse [Secure All Our Irish Resources for Service of Everybody] 1969.

Comhfhreagras
UGA G/G60/11/7/6 · Sub-sub-series · 1970-2009
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá comhfhreagras in ord cróineolaíoch nuair ab fhéidir. Cuimsíonn sé ábhar freisin a bhaineann le ballraíocht club.

Comhfhreagras
UGA G/G60/11/6/8 · Sub-sub-series · 1969-2000
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chéad trí chomhad san fho-fhoshraith seo comhfhreagras agus tá sé in ord croineolaíoch nuair ab fhéidir. Sa chomhad deiridh G60/11/6/8/4 tá comhfhreagras idir Ógras agus Údarás na Gaeltachta 1987-2000.

Comhfhreagras
UGA G/G60/35/9 · Sub-series · 25/10/1946-14/06/2004
Part of Gaeilge

Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo ná comhfhreagras, agus áirítear léi bileoigíní, cuirí agus stiallbhratacha a bhaineann le mionteangacha agus le heagraíochtaí teanga éagsúla.

Comhfhreagras
UGA G/G60/46/7 · Sub-series · 22/06/1960-09/2011
Part of Gaeilge

Comhfhreagras le Seán Ó Dálaigh atá san fhoshraith seo agus tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus nuair is cuí. In G60/46/7/1, tá comhfhreagras maidir le hoideachas agus oiliúint, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Naíonraí Gaelacha, "Gaelscoileanna" agus Coiste thuismitheoirí Scoileanna Gaeilge [coiste do thuismitheoirí daltaí a bhí ag freastal ar scoileanna Gaeilge]. Ábhar maidir leis an ‘Ionad Buail Isteach’, 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath atá in G60/46/7/2, áit ar reáchtáladh ranganna teanga, turais, ciorcail chomhrá, imeachtaí tacaíochta i ndáil le cearta an duine & cearta sibhialta ó 1973, imeachtaí nádúir agus imeachtaí don óige. Comhfhreagras maidir leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha atá in G60/46/7/3, a raibh Seán Ó Dálaigh ina Chathaoirleach air ar feadh tréimhse. Sa dá chomhad deiridh den fhoshraith seo a chuimsíonn an tréimhse 1960-2011, tá comhfhreagras ginearálta, cuirí agus bileoigíní.

Comhfhreagras
UGA G/G60/30/18 · Sub-series · 23/03/1971-03/07/2009
Part of Gaeilge

Tá comhfhreagras san fhoshraith seo a bhaineann le hoideachas agus le Gaeilge lena n-áirítear oideachas trí Ghaeilge, lena n-áirítear fógráin, preasráitis agus gearrthóga agus tá sé in ord croineolaíoch. Sna ceithre chomhad freisin tá slám miontuairiscí a bhaineann leis an bhfochoiste Oideachais.

Comhfhreagras
UGA G/G60/5/1 · 18/04/1864-09/07/1991
Part of Gaeilge

I measc ábhar an chomhaid seo a áiríonn an tréimhse 1864-1909 tá cárta poist a bhfuil Tomás Ó Coincheanainn air, gléasta in éide thraidisiúnta Mheicsiceo sna 1890idí; teastas do Phádraig de Búrca ó Choláiste na Mumhan, 1906; míreanna a bhaineann le Richard Mulrennin 1864-76 lena n-áirítear litir ag tairiscint áit sa chéad bhliain san Ollscoil Chaitliceach dó, 1864 agus litir a bhaineann le hagallamh poist, 1876; admhálacha agus cárta ballraíochta craoibhe ón 19ú haois, le litir chlúdaigh ó 1991; cártaí poist déanta as móin, ó dheireadh an 19ú haois le stampa neamhaitheanta; Admhálacha Amharclann Ríoga na Banríona 17 Márta 1905.

Comhfhreagras
UGA G/G60/5/2 · 04/11/1911-26/03/1920
Part of Gaeilge

Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1910–1920 agus tá comhfhreagras ann a bhaineann le Shane Leslie ag léachtóireacht in Ollscoil Toronto, (1911–1912); cás dlí an Athar Oirmhinnigh Flanagan i gcoinne Chonradh na Gaeilge 1914 (cás don abhcóide chun comhairle a chur ar ghiúróirí); Seic ó Terence McSwiney (26/03/1920); cóipeanna de litreacha / nótaí ó Phríosún Dartmoor, Devon, Sasana ó c. 1916; óráid Phádraig Mhic Piarais ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa; litir ó choiste Sochraide Uí Dhonnabháin Rosa ag lorg airgid dá shochraid (1915); cuireadh chun comhdhála "Against Exclusion of Ulster" 1914; ábhar a bhaineann le bailiú airgid do Kate Barry agus a fianaise 1917, 1918; Sinn Féin – Pobalbhreith ar Neamhspleáchas na hÉireann (20/01/1918); gearrthóga nuachtáin ar phlaisteach/téip a bhaineann le hÉirí Amach 1916, agus gearrthóg ón Evening Telegraph a bhain le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alderman Thomas Kelly, a ghabháil agus a chur go Wormwood Scrubs, Iarthar Londan, Sasana (04/02/1920).

Comhfhreagras
UGA G/G60/5/3 · 10/05/1922-19/04/1928
Part of Gaeilge

Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1921-1929 agus tá bileoigín ann “Subscriber to the First Load of the Republic of Ireland” gan dáta; litir ón gCraoibhín [Dubhghlas de hÍde] maidir le baill de CnaG gan aon pholaitíocht eile acu ach dul isteach sa Dáil, chun an Ghaeilge a chur chun cinn (10/5/1922); comhfhreagras le Seán Ó Muirthuile Ard-Rúnaí CnaG agus suaitheantas éadaigh “Kasr-el = Nil Fruit Stall” do Mater Carnival Dhroichead na Dothra, Meán Fómhair 1922.