Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1990idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhine Gael (FG), agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann samhlacha de pholasaí FG; “Language Learning and Teaching – A Fine Gael discussion document”; comhfhreagras idir CnaG agus FG maidir leis an “Commission to Renewal”.
Is éard atá sa chomhad seo liosta de bhinse tosaigh Fhine Gael agus urlabhraithe an tSeanaid; tras-scríbhinn de cheisteanna na gceannairí.
Tá sa mhír seo miontuairiscí don fhochoiste ón mbliain 1974.
Sa chomhad seo tá miontuairiscí agus comhfhreagras an fhochoiste Chraolacháin agus Fhochoiste na Mórmheán Cumarsáide araon agus áirítear leis ábhar a bhaineann leis na feachtais teilifíse agus mheán (G60/29/18 agus G60/29/19).
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le fochoiste Foilsitheoireachta Chomhairle na Gaeilge agus áirítear ann comhfhreagras agus miontuairiscí.
Bunaíodh an fochoiste seo le scrúdú a dhéanamh ar bhunreacht agus ar rialacha Chonradh na Gaeilge agus le moltaí a dhéanamh don Choiste Feidhmiúcháin. Tá sa chomhad miontuairisicí, comhfhreagras agus dréacht-cheartúcháin.
Féach freisin G60/1/2
Bunaíodh an coiste in 1958 chun an Ghaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge a chur chun cinn. Sa chomhad tá miontuairiscí agus comhfhreagras mar aon le litreacha agus aistí a cuireadh faoi bhráid na nuachtán áitiúil agus náisiúnta mar chuid de ‘An Scéim Bolscaireachta – scríbhneoirí’.
Foclóir pearsanta lámhscríofa ón 18ú hAois, b’fhéidir, a bronnadh ar Ernest Reginald McClintock Dix in 1909 agus ar tugadh do leabharlann Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin é.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar bolscaireachta do léiriúcháin amharclainne lena n-áirítear cláir do dhrámaí Gaeilge in Amharclann na Mainistreach 1923-1927 [G60/18/6/1]; ailt le Donncha Ó Súilleabháin ar dhrámaíocht na Gaeilge [G60/18/6/5] agus póstaeir ollmhóra de léiriúcháin drámaíochta ‘An Comhar’ in Amharclann na Mainistreach (gan dáta) agus d’Fhéile Náisiúnta Drámaíochta an Oireachtais 1974 [G60/18/6/6].
Tá roinnt leabhrán agus ciorclán sa chomhad seo a bhaineann le foilseachán lena n-áirítear “Athbhreithniú Choiste Foilseachán UNESCO (Éire) Márta 1965”, agus leabhrán eolais ó oifig Ombudsman an Phreasa.