Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Fianna Fáil - gearrtháin
UGA G/G60/38/1/1/5 · File · 29/01/1969-21/12/1994
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Fianna Fáil a chlúdaíonn an tréimhse 29/1/1969-21/12/94.

Fianna Fáil 1970idí
UGA G/G60/38/1/1/1 · File · 08/02/1973-24/01/1979
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1970idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhianna Fáil, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear leis comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus páirtí Fhianna Fáil, Teachtaí Dála aonair ina measc.

Fianna Fáil 1980idí
UGA G/G60/38/1/1/2 · File · 16/2/1980-[1988]
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1980idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhianna Fáil, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann aithisc an Taoisigh Charles J Haughey ag Ard-Fheis Fhianna Fáil 1980, 1981; plécháipéis “Education – The Early Years”, Nollaig 1984; an Clár um Théarnamh Náisiúnta.

Fianna Fáil 1990idí
UGA G/G60/38/1/1/3 · File · [1991]-[07/1997]
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1990idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhianna Fáil, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann ráiteas ó Phroinsias Mac Aonghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge, maidir le hísliú beartaithe ar stádas na Gaeilge sa tuarascáil ar chuspóirí agus ar struchtúir Fhianna Fáil a bhí le cur i láthair ag an Ard-Fheis; forógra olltoghcháin Fhianna Fáil (leagan Gaeilge agus Béarla); Comhchlár rialtais Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh.

Fianna Fáil 2000
UGA G/G60/38/1/1/4 · File · 25/02/2004
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo clúdach facs ó Chonradh na Gaeilge chuig Fianna Fáil maidir le áitiú an Chonartha gur chuir an tAire Ó Cuív an Dáil amú nuair a dúirt sé nach ndearna eagraíochtaí Gaeilge aon rud ar mhaithe le cás na Gaeilge sa Chomhphobal Eorpach.

Fine Gael
UGA G/G60/38/1/2 · Sub-sub-series · 02/01/1966-21/10/2004
Part of Gaeilge

Tá sé chomhad san fho-fhoshraith seo ina bhfuil comhfhreagras, ábhar poiblíochta, cáipéisí polasaí Gaeilge, preasráitis agus gearrthóga agus tá siad in ord croineolaíoch.

Fine Gael - gearrtháin
UGA G/G60/38/1/2/6 · File · 02/01/1966-08/04/1987
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Fine Gael agus le baill ar leith mar atá Garrett Fitzgerald, Liam Cosgrave agus John A Costello.

Fine Gael 1960idí
UGA G/G60/38/1/2/1 · File · 18/04/1966-24/07/1969
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1960idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhine Gael (FG)l, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann “Fine Gael policy for a just society – Irish language preservation”, 1966; bileoigíní d’iarrthóirí FG i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas.

Fine Gael 1970idí
UGA G/G60/38/1/2/2 · File · 11/01/1972-15/02/1979
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1970idí a bhaineann le polasaithe pháirtí Fhine Gael (FG) ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann bileoigín a bhaineann le ráiteas Garret Fitzgerald ar neodracht na hÉireann.

Fine Gael 1980idí
UGA G/G60/38/1/2/3 · File · 04/11/1980-06/1989
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1980idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Fhine Gael (FG)l, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann an leabhrán “Jobs in the 80s”; ticéad le haghaidh Ard-Fheis FG, RDS 1982; polasaí craolacháin FG.