San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann leis an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta lena n-áirítear cláir agus grianghraif dhubha agus bhána. Tá ábhar anseo chomh maith a bhaineann le Féile Drámaíochta an Oireachtais.
Baineann ábhar sa chomhad seo le feachtas Chonradh na Gaeilge múinteoirí agus céimithe a spreagadh le gníomhú thar ceann na Gaeilge agus múnlaí éagsúla a fhorbairt chun cuidiú leis an iarracht seo. Comhfhreagras is mó atá ann.
Tá liosta sa chomhad seo de na daoine i mBaile Átha Cliath a bhí freagrach as feachtais áitiúla a eagrú thar ceann “Feachtas Síniúcháin” Chonradh na Gaeilge (1964).
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo leis an bhFeachtas Oideachais lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge i scoileanna, an chaoi a gcuirtear oiliúint ar mhúinteoirí, na hábhair eile a mhúintear trí Ghaeilge agus an siollabas i gcoitinne. Is éard atá ann comhfhreagras, tuairiscí, ailt, bileoga eolais agus gearrtháin.
Is éard atá i gceist leis na foshraitheanna seo comhfhreagras, preasráitis, tuairiscí, paimfléid, dréacht-saothar ealaíne, póstaeir agus ábhar eile a bhaineann le feachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge a bhí ag iarraidh cur le líon na gclár Gaeilge a craoladh, lena n-áirítear cláir ar an gcraoltóir náisiúnta RTÉ.
Chun ábhar gaolmhar a fheiceáil, féach G60/36
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le feachtas Chonradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a úsáid nó a fheabhsú ar chomharthaí poiblí, comharthaí bóthair agus i logainmneacha, agus áirítear ann comhfhreagras, ailt, grianghraif agus bileoigíní.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le “Feachtas na gCairteacha” agus le cás na gceannaithe Éireannacha ar gearradh fíneáil orthu go luath san 20ú haois as a n-ainmneacha a bheith i nGaeilge ar a gcuid cairteacha (1905, 1906). Tá cóip de chuimhní cinn Dhubhghlas de hÍde 1918 (lth 31-34) agus alt "Pádraig Mac Piarais, Conradh na Gaeilge agus Feachtas na gCairteacha", le Seán MacMathúna ann. I gceann de chéad chásanna dlí an Phiarsaigh chomhchosain sé ceannaí amháin dá leithéid.