Showing 49398 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Fianna Fáil - gearrtháin
UGA G/G60/38/1/1/5 · 29/01/1969-21/12/1994
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Fianna Fáil a chlúdaíonn an tréimhse 29/1/1969-21/12/94.

Fianna Fáil
UGA G/G60/38/1/1 · Sub-sub-series · 08/02/1973-25/02/2004
Part of Gaeilge

Tá cúig chomhad san fho-fhoshraith seo ina bhfuil comhfhreagras, ábhar poiblíochta, cáipéisí polasaí Gaeilge, aithisc agus gearrthóga agus tá siad in ord croineolaíoch.

Feis Átha Cliath
UGA G/G60/46/2 · Sub-series · 1904-2012
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comórtas bliantúil Fheis Átha Cliath agus déantar é a fhoroinnt tuilleadh sna fochatagóirí seo a leanas: cláir (G60/46/2/1); miontuairiscí agus ráitis airgeadais (G60/46/2/2); bunreacht Fheis Átha Cliath, agus coinníollacha agus rialacha comórtas (G60/46/2/3); amchláir agus liostaí comórtas (G60/46/2/4); torthaí comórtas (G60/46/2/5); comhfhreagras agus preaseisiúintí (G60/46/2/6) mar aon le póstaeir agus meirgí éadaigh (G60/46/2/7-9). Tá cláir, comhfhreagras, miontuairiscí, cuntais, bileoigíní agus ábhar fógraíochta eile ann agus tá ord croineolaíochta curtha air laistigh de gach catagóir, nuair is féidir agus nuair is cuí.

UGA G/G60/16 · Series · 1902-21/11/2019
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le féilte agus le hócáidí comórtha Chonradh na Gaeilge (CnaG), a n-áirítear léi imeachtaí chun 50, 75 agus 100 bliain ó bunaíodh CnaG a chomóradh; féilte ceoil agus damhsa in Éirinn agus thar lear; ceolchoirmeacha; comórtais agus gradaim. San áireamh leis an ábhar seo tá cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.

Féilte thar lear
UGA G/G60/16/2/2 · Sub-sub-series · 1904-2002
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le féilte éagsúla Ceoil agus Damhsa Chonradh na Gaeilge i Londain (G60/16/2/2/1) agus áiteanna eile (G60/16/2/2/2).

Féilte in Éirinn
UGA G/G60/16/2/1 · Sub-sub-series · 1902-2007
Part of Gaeilge

Tá ábhar san fho-fhoshraith seo in ord croineolaíoch i dtréimhsí deich mbliana seachas G60/16/2/1/3 a chuimsíonn an tréimhse 1920-1939 agus G60/16/2/1/9 a chuimsíonn an tréimhse 1990-2009.

Féilte in Éirinn
UGA G/G60/17/1 · Sub-series · 1904-2000
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo, lena n-áirítear cláir, póstaeir, bileoigíní, gearrthóga agus comhfhreagras, le féilte in Éirinn nach mbaineann le Conradh na Gaeilge agus tá sé in ord croineolaíoch.

I measc na bhféilte tá Patrún Bhríde, 1938 (G60/17/1/2); Féile na nOileán, 1985 agus Aonach na gCártaí, 1987 (G60/17/1/4) agus féile Rós Thrá Lí, 2000 (G60/17/1/5). Cuimsítear dhá phóstaer ollmhóra san fhoshraith seo chomh maith: Patrún Inis Móir, Árann, 1978 (G60/17/1/6) agus Féilte na Bealtaine, Ionad Ealaíon Loch Garman, gan dáta (G60/17/1/7).

Féilte i Londain
UGA G/G60/16/2/2/1 · 1904-1956
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le féilte éagsúla i Londain.

Féilte Drámaíochta
UGA G/G60/18/7 · 1930-1992
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le féilte drámaíochta éagsúla. I measc na gclár tá Comóradh in onóir Mhicíl Chléirigh, Gaiety 1944; "Damertasibh" sa Damer 1962 agus clár Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992. Áirítear leis chomh maith an óráid tosaigh a thug Donncha Ó Súilleabháin ag Féile Drámaíochta Chorcaí (10/02/1969) agus a bheathaisnéis.