Tag / Ref: G60/15/6/2
Gearrtháin ó na 1930í go dtí na 1980í atá san fhoshraith seo den chuid is mó, lena n-áirítear roinnt gearrthóg i ndáil le hinsealbhú Chearbhaill Uí Dhálaigh. Tá litir ann chomh maith ón gCraoibhín [Dubhghlas de hÍde] a seoladh as San Francisco in 1906 (G60/24/17/1) mar aon le páipéir scrúduithe 1932-1957 (G60/24/17/2).
Gearrtháin a bhaineann leis na Tionscail Amharclannaíochta agus Scannáin atá san fhoshraith seo.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le slite beatha le Gaeilge agus áirítear leis foilsiú Gairmeacha le Gaeilge don Mhílaois, le Rhoda O'Connor.
San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta agus an eagraíocht a tháinig roimhe, Gaeltarra Éireann, gníomhaireacht forbartha tionsclaíochta de chuid stát na hÉireann a bunaíodh in 1957 go sonrach do na ceantair Ghaeltachta. Baineann na chéad trí chomhad le Gaeltarra Éireann agus áirítear orthu comhfhreagras, preaseisiúintí, tuairiscí agus gearrthóga preasa. Tá na hocht gcomhad eile in ord croineolaíoch, baineann siad le hÚdarás na Gaeltachta agus cuimsíonn siad comhfhreagras, preaseisiúintí, tuairiscí, cuntais bhliantúla, gearrthóga preasa agus ábhar a bhaineann le Bille Údarás na Gaeltachta, 1999 agus le toghcháin an Údaráis, 1994.
Chun ábhar gaolmhar a fheiceáil, féach G60/32/1/2, G60/32/7/7, G60/32/8/2/10 agus G60/32/8/3/11
Réamheolaire Choláiste an Daingin 1917, ar leis an Seabhac é; Iris scoile "An Macaomh" Scoil Phádraig, Upton, 1933 le C Ó Calcáin?; alt faoi Choláiste Uladh ó 1956 (fótachóip); ábhar a bhaineann le dúnadh Choláiste Carysfort 1985/1986; "Scoil Dhún Chaoin" 1970-1986.
Baineann ábhar sa chomhad seo le scoileanna a bhunú sna 1970idí agus sna 1980idí lena n-áirítear Scoil Chualann Bré; Scoil Chrónáin; Scoil Dhún Dealgan; Scoil Mhic Easmainn Trá Lí, Gaelscoil Faithleann Cill Airne agus eile. Tá sonraí agus staitisticí maidir le tinreamh scoile agus líon na scoileanna le fáil anseo. Sa chomhad seo tá preasráitis agus comhfhreagras leis an Rialtas 1976-1990.
Baineann ábhar sa chomhad seo leis na gaelscoileanna agus leis na gaelcholáistí seo a leanas: Coláiste Gaeilge Ghleann Ghaibhle - Ardscoil Bhreifne; Gaelcholáiste Chiarraí; Coláiste an Iúir & Mhúrn; "Coláiste Mhá Nuad"; “Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne" agus "Coláiste na Tríonóide".
Baineann an fhoshraith seo le gaelscoileanna agus gaelcholáistí aonair a bhunú, lena n-áirítear scoileanna/coláistí samhraidh, agus tá comhfhreagras, preasráitis, tuarascálacha agus réamheolairí ann.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le Gaelscoileanna áirithe: Scoill Chualann, Bré; Gaelscoil Inis Córthaidh; Gaelscoil Phádraig Baile Breac; Gaelscoil Eois, Cluain Eois; Gaelscoil Uí Fhiaich; Scoil na gCeithre Máistrí Baile Átha Luain; Gaelscoil Sáirséal, Luimneach; Gaelscoil Uileog de Búrca, Lochán na mBán, Contae Mhaigh Eo; Scoil Rois, Carraig Mhacaire Rois.