Showing 36741 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Comhfhreagras
UGA G/G60/4/7 · Sub-series · 1966-[2010]
Part of Gaeilge

Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo ciorcláin agus comhfhreagras idir príomhoifig CnaG agus craobhacha éagsúla, agus san áireamh ann tá eolas faoi bhunú agus clárú craobhacha nua.

Comhfhreagras
UGA G/G60/6/7 · Sub-series · 12/06/1928-11/02/2009
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar san fhoshraith seo comhfhreagras a bhaineann le gnóthaí airgeadais Chonradh na Gaeilge agus tá sé in ord croineolaíoch. Tá comhfhreagras ann leis na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Airgeadais, Banc Náisiúnta na hÉireann, Banc na hÉireann agus Banc Aontas Éireann.

Comhfhreagras
UGA G/G60/5 · Series · 18/04/1864-14/12/2018
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge (CnaG) agus daoine agus eagraíochtaí éagsúla, agus tá ord croineolaíoch uirthi de réir gach deich mbliana*. Is é atá i gceist léi den chuid is mó fiosrúcháin maidir leis an nGaeilge; na ranganna a bhí á reáchtáil ag CnaG; taighde; agus obair CnaG féin. Is féidir teacht ar chomhfhreagras i ndáil le topaic faoi leith sa tsraith a bhaineann leis an topaic sin e.g. G60/30 Oideachas.

*Tá ábhar sa tsraith seo curtha in ord croineolaíoch ach tá roinnt míreanna lasmuigh de raon dátaí an chomhaid san áireamh freisin, ar mhaithe leis an gcomhthéacs.

Comhfhreagras 1
UGA G/G60/37/9/1 · File · 02/02/1979-[1999]
Part of Gaeilge

Comhfhreagras ginearálta atá sa chomhad seo agus tá litir ann chuig Seán Mac Mathúna ó Mhichéal Ó Cinnéide TD, Aire Gnóthaí Eachtracha maidir le húsáid fhéideartha an druga Largactil sa Cheis Fhada 2/2/1979; uachtarán nua CnaG Gearóid Ó Cairealláin ag iarraidh agallamh, ina measc agallamh faoi úsáid na Gaeilge i sceidealú na gclár leis an BBC, agus agallamh leis an Státrúnaí nua, an Dr Mo Mowlam, maidir leis an gcruinniú toscaireachta chun stádas agus seasamh ginearálta na Gaeilge i dTuaisceart Éireann a phlé (1990í); preasráiteas ina maítear go mbaineann an Ghaeilge le gach duine i dTuaisceart Éireann ag freagairt don chonspóid maidir le dátheangachas in Ollscoil na Banríona (19/8/1997); comhfhreagras ó uachtarán Chonradh na Gaeilge Dáithí Mac Cárthaigh chuig ranna éagsúla i dTuaisceart Éireann maidir le húsáid na Gaeilge.

Comhfhreagras 1970idí
UGA G/G60/38/4/2 · File · 1970-1979
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras chuig agus ó pháirtithe polaitíochta éagsúla agus polaiteoirí aonair agus áirítear ann ábhar agus bileoigíní a bhaineann le hAontacht Éireann, páirtí an Chomhaontais, páirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann, Páirtí Cumannach na hÉireann, Páirtí Sóisialach na hÉireann, an Páirtí Daonlathach Aontachtach, an Páirtí Aontachtach, Páirtí Vanguard, Páirtí Aontachtach Thuaisceart Éireann [páirtí atá éagsúil ón bpáirtí aontachtach], an SDLP, agus an Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre.

Comhfhreagras 1980idí
UGA G/G60/38/4/3 · File · 11/02/1980-29/05/1989
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras chuig agus ó pháirtithe polaitíochta éagsúla agus polaiteoirí aonair agus áirítear ann ábhar a bhaineann le Páirtí Cumannach na hÉireann, an Páirtí Sóisialta Críostaí, an Páirtí Sóisialach Daonlathach, agus an Páirtí Daonlathach. Áirítear ann gearrthóga agus leagan clóite de léacht ar “Irish Identities” a thug Garrett Fitzgerald, Taoiseach) ag Léacht Richard Dimbleby 1982, agus ábhar a bhaineann le neodracht na hÉireann.