Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Giolla Chríost Ó Broin agus le baill dá chlann, agus cuimsíonn sé an tréimhse 1929-1996. Áirítear scripteanna agus dréachtaí i gcomhaid ina dhiaidh seo.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le comharthaí dátheangacha i ngnólachtaí mar aon le samplaí, agus fillteán eolais “Gaeleagras” faoi ghnólachtaí Gaeilge.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le spórt taobh amuigh den CLG. Is éard atá ann ábhar a bhaineann le Cuspóir [An Chomhairle Náisiúnta Spóirt] lena n-áirítear comhfhreagras, póstaeir, greamáin agus bróisiúir de théarmaí spóirt [G60/20/3/1]; comhfhreagras ó Bhord Fáilte a bhaineann leis an Tour de France in Éirinn agus greamáin Rás Tailteann [G60/20/3/2]; Meamram agus Airteagail Chomhlachais Aonach Tailteann, cláir lena n-áirítear Cumann Báire Chaoimhín 1907-1977 (Club Iománaíochta Chaoimhín), Comórtas Peile na Gaeltachta, 1993 agus an chéad charnabhal Bliantúil Lúthchleasaíochta agus Rothaíochta de chuid Chonradh na Gaeilge, 1910 [G60/20/3/3].
Tá ábhair a bhaineann le Pádraig Mac Piarais san áireamh sna foilseacháin seo, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann lena chásanna dlí [G60/22/4/1]; óráid an Phiarsaigh ag uaigh Dhiarmuid Uí Dhonnabháin Rosa agus litir ó Choiste Sochraide Uí Dhonnabháin Rosa ag lorg airgead le haghaidh na sochraide (1915) [G60/22/4/2]; ailt faoin bPiarsach, lena n-áirítear a chuid polasaithe agus mac Piarais mar oideachasóir [G60/22/4/2]; dréacht de leabhar/script faoin bPiarsach (dáta/údar anaithnid) [G60/22/4/3] agus gearrtháin a bhaineann le Mac Piarais ó 1979-1993 [G60/22/4/4].
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le go leor d’fheachtais CnaG lena n-áirítear liosta de na feachtais, comhfhreagras agus gearrtháin éagsúla a bhaineann leis An gComhairle Um Chearta Sibhialta, 1974-1981 (G60/29/1/1); tuarascáil an Choiste Uile-Pháirtí ar Cheartas Riaracháin, 1977 (G60/29/1/2) agus grianghraif dhubha agus bhána de roinnt feachtas lena n-áirítear máirseálacha mar thacaíocht dóibh siúd a cuireadh i bpríosún mar nár íoc siad as ceadúnas teilifíse (G60/29/1/3). Tá gearrtháin a bhaineann le cearta sibhialta sna ceithre chomhad dheireanacha san fhoshraith seo agus tá siad curtha in ord croineolaíoch ó 1941 go 1985.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le coistí an Chonartha i gcoitinne agus áirítear leis buanorduithe do chruinnithe na gcoistí feidhmiúcháin agus na buanchoistí araon; toghchánaíocht choiste agus torthaí (1999); liostaí cruinnithe (1999-2000) agus ábhar a bhaineann le comóradh 75 bliana Chonradh na Gaeilge. Áirítear leis comhfhreagras a bhaineann le cruinniú le hUachtarán na hÉireann, Mary Robinson (1994), leis an gComhchoiste Náisiúnta do Choláistí Samhraidh (1975) agus le Craobh Ghasra Pharnell Ógras (1975).
Féach freisin G60/11/6, G60/16/1/1/2 and G60/30/13
Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo eolas a bhaineann le bunú agus le heagrú craobhacha, agus san áireamh ann tá pleananna oibre, preaseisiúintí, ciorcláin, bileoga treorach, eolas faoi stádas agus staidreamh craobhacha, mar aon le roinnt foirmeacha folmha.
San fhoshraith seo tá ceithre chomhad a bhaineann le ceol, amhráin agus rince na hÉireann go ginearálta agus san áireamh inti tá ailt ar stair Na Píobairí Uilleann [G60/21/6/1]; ábhar a bhaineann le hAmhrán na bhFiann [G60/21/6/2]; bileoigíní do cheolchoirmeacha éagsúla [G60/21/6/3] mar aon le leabhar gearrthóg atá marcáilte "Ceol" ina bhfuil gearrthóga nuachtáin ón tréimhse 1897-1933 [G60/21/6/4].