Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí éagsúla agus cuimsíonn sé cláir, comhfhreagras, grianghraif, preaseisiúintí, miontuairiscí agus tuairiscí.
Cuimsíonn G60/17/4/1 ábhar a bhaineann leis an gComhdháil Cheilteach agus tá grianghraf dubh agus bán ón gComhdháil Cheilteach in Douglas, Oileán Mhanann, (1921 nó 1938) ag a raibh Dubhghlas de hÍde, Úna Ní Fhaircheallaigh, H Percy Kelly, William Cubbon agus Mona Douglas i láthair. Cuimsíonn G60/17/4/2 tuairiscí agus cláir do thaispeántais bhliantúla Chumann Náisiúnta Curadóireachta agus Tionscal (National Agricultural and Industrial Development Association) don tréimhse 1941-1952. Cuimsíonn G60/17/4/3 ábhar a bhaineann le seachtain tuaithe bhliantúil Mhuintir na Tíre do 1957 agus 1960. Baineann an comhad deiridh san fhoshraith seo le roinnt imeachtaí eile mar atá Comhdháil Aontacht Ghael-Mheiriceánach 1984, agus Iubhaile Órga Choiste na nGael nÓg 1988.
Is éard atá sa chomhad seo 9 bpictiúr ar chláir d’iar-Uachtaráin CnaG 1916-1943; Eoin Mac Néill; Mac Giolla Bhríde; S Ó Ceallaigh; P Mac Fhionnlaoich; An Dr Seán Mac Énrí; An Dr Cormac Breathnach; Liam Ó Buachalla; Seán Óg Ó Tuama; Diarmuid Mac Fhionnlaoich.
Is éard atá sa chomhad seo grianghraif dhubha agus bhána d’iar-uachtaráin CnaG, sínithe ag roinnt díobh, bainte as frámaí briste: Proinsias Mac Aonghusa, Ite Ní Chionnaith, Mícheál Ó Murchú, Albert Fry, Pádraig Ó Snodaigh, Maolsheachlainn Ó Caollaí, Cathal Ó Feinneadha, Mícheál Mac Cárthaigh, Tomás Ó Muircheartaigh, Annrai Ó Liatháin, Liam Ó Luanaigh, Diarmaid Mac Fhionnlaoich, Seán Óg Ó Tuama, Mac Giolla Bhríde, Cormac Breathnach, Dubhghlas de hÍde.
Grianghraif gan ord i gclúdaigh lena n-áirítear roinnt rollaí scannáin agus claonchlónna.
Grianghraif gan ord i gclúdaigh lena n-áirítear roinnt rollaí scannáin agus claonchlónna.
Rogha grianghraf (1990idí) lena n-áirítear grianghraif (dubh agus bán agus Daite agus roinnt claonchlónna san áireamh) den Ard-Fheis, Tionól agus cruinnithe eile; grianghraf d’Éamon Ó Cuív le leanaí neamhaitheanta ag seoladh CD; grianghraf de chailín le smidiú “An Ghaeilge” uirthi - bainte as fráma briste.
Is éard atá sa chomhad seo sraith grianghraf dubh agus bán a thug Lil Nic Dhonnchadha do Chonradh na Gaeilge. Seans go bhfuair sí cuid acu ó Earnán de Blaghd. Grianghraif de scoil éigin iad seo [Coláiste Móibhí b’fhéidir] sna 1950idí, agus tá grianghraif ranga de chailíní agus de bhuachaillí in éide scoile le Lil sa lár agus baill foirne eile le feiceáil iontu. Tá liosta d’ainmneacha na ndaltaí uile (ach ní na múinteoirí) i ngrianghraf amháin, tá Éamon de Valera i gceann amháin, agus baineann péire le cailíní i mbun cor ochtair agus múinteoir ar an bhfidil.