Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina cúig fho-fhoshraith, is iad sin Baile Átha Cliath, Laighin, an Mhumhain, Connachta agus Ulaidh agus tá sí curtha in ord de réir méide. Is é atá san ábhar miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, ballraíocht, ciorcláin agus tinreamh coistí a bhaineann leis na coistí dúiche.
Tá ábhar taighde sa chomhad seo a bhaineann le Coláiste Bhaile an Róistigh, Corcaigh, áit ar fhreastail Ó Súilleabháin mar mhac léinn, mar aon le cóipleabhar (1930-1931).
Is éard atá san chomhad seo ailt agus fótachóipeanna d’ailt a bhaineann le Coláiste Mhá Nuad.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le coláistí i dTuaisceart Éireann.
Tá dhá theastas i bhfráma san fhoshraith seo ó Chomhairle Ceantair Uirbigh Chaisleán an Bharraigh do Chonradh na Gaeilge ag Ard Fheis 1991 agus 1999
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear tuarascálacha, comhfhreagras agus dréachtpholasaithe agus dréachtstraitéisí agus tá sé in ord croineolaíoch.
Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann le Comhairle na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear comhfhreagras, tuarascálacha bliantúla, doiciméad comhairliúcháin ar struchtúr bhord stiúrthóirí na comhairle (Meán Fómhair 2004), agus tuarascáil ar Bhunachar Sonraí Gaelscoileanna 2006-2007.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le Pleananna Gnímh agus suirbhéanna éagsúla faoin nGaeilge ó Chomhairlí Contae, Comhairlí Cathrach agus Comhairlí Ceantair Uirbigh. Baineann an t-ábhar ó G60/41/1/1 go G60/41/1/4 le comhairlí i gCúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh faoi seach. Is éard atá in G60/41/1/5 comhfhreagras ginearálta a sheol Conradh na Gaeilge chuig comhairlí éagsúla agus comhfhreagras a fuair siad ó oifigigh Ghaeilge éagsúla sa tréimhse 8/10/1975-16/6/2000. Is éard atá in G60/41/1/6 ábhar a bhaineann le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus a bhfeachtas leis na húdaráis áitiúla agus comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus an Roinn Comhshaoil maidir le treoir a foilsíodh d’údaráis áitiúla maidir le húsáid na Gaeilge. Is éard atá i gcomhad G60/41/1/7 ábhar a bhaineann leis an “Togra réigiúnda pleanála teanga” lena n-áirítear tuarascáil "Éilimh phobal labhartha na Gaeilge maidir leis an nGaeilge ón gCéad Rialtas eile" (Nollaig 2000). Tá sonraí teagmhála comhairleoirí sa chomhad deiridh san fhoshraith seo agus tá sé dúnta chun cloí le rialacháin GDPR.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), ar eagraíocht í a bunaíodh in 1951 chun ceol agus cultúr na hÉireann a phoibliú ar fud an domhain. San áireamh ann tá comhfhreagras, bileoigíní, cóipeanna dá bhunreacht agus leasuithe (1972) agus ábhar a bhaineann lena gcomhdháil in 1978 agus in 1979.
Baineann an tsraith seo le Comhaltas Uladh, ar tionól cúige de chuid Chonradh na Gaeilge é a bunaíodh in 1926 chun obair CnaG i gcúige Uladh agus i gContae Lú a riaradh. Is é atá i gceist leis an tsraith seo ná lámhleabhair, paimfléid, cláir, comhfhreagras agus aistí clóscríofa agus ailt faoina stair agus a chaidreamh le CnaG féin.