Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Cainteanna Síochána.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann leis an bhfeachtas maidir le Ceannach Earraí Éireannacha, cearta tomhaltóirí, earraí Éireannacha a chur chun cinn, agus dlíthe iomaíochta sa CEE. Cuimsíonn sé comhfhreagras, preasráitis, agus samplaí ilteangacha de ghreamáin, de mhataí beorach agus de mhálaí plaisteacha.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le múinteoirí, a gceardchumainn agus a n-eagraíochtaí. Tá an fhoshraith roinnte ina 3 fho-fhoshraith agus comhad: Ceardchumainn agus cumainn múinteoirí (G60/20/5/1); Oiliúint (G60/30/5/2) agus Feasacháin agus nuachtlitreacha (G60/30/5/3).
Is éard atá san ábhar sa chomhad seo comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus an ITGWU lena n-áirítear ábhar a bhaineann le seasamh an cheardchumainn i gcoinne an British Gas Corporation a bheith ceaptha mar chomhairleoirí, faoi thionscadal phíblíne Chionn tSáile de chuid an Bhoird Gáis agus an úsáid a bhain an Ceardchumann as seirbhísí aistriúcháin Chonradh na Gaeilge.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le coiste Náisiúnta na H-Bhloc, le príosúnaigh sna H-Bhloic agus leis an gcaoi ar caitheadh leo i dTuaisceart Éireann lena n-áirítear úsáid na Gaeilge i bpríosúin, stailceanna ocrais, agus tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge. Áirítear ann comhfhreagras, miontuairiscí, bileoga agus preasráitis. I measc na míreanna eile tá preasráiteas maidir le litir ó Mhaolsheachlainn Ó Caollaí chuig an Uachtarán Hillery thar ceann príosúnach sa Tuaisceart maidir lena stádas dá nglacfadh Éire ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach (G60/37/5/1); litir ar pháipéar toitíní i nGaeilge ó Dhonncha Mac Niallais, oifigeach Gaeilge, na H-Bhloic 19/9/83 (G60/37/5/2); litreacha ó na príosúnaigh Pól Ó Manachain, Eoghan Mac Cormaic, RJ McAllister (maidir le "The Corporals Trials"), agus ábhar a bhaineann le cás a thionscain Mac Cormaic agus John Pickering i gcoinne Oifig Thuaisceart Éireann maidir leis an gcaoi ar pléadh leis an nGaeilge agus le húsáid na Gaeilge sa phríosún (G60/37/5/3); agus ábhar a bhaineann le heiseachadadh (G60 /37/5/4).
Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras, tuairiscí, bileoigíní agus gearrtháin a bhaineann le cearta na bPríosúnach i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus i Sasana agus tá sé roinnte i 6 chomhad.
Baineann G60/29/17/1 le ceart na bpríosúnach Gaeilge a labhairt agus a fhoghlaim agus ábhair Ghaeilge a fháil agus a úsáid sa phríosún agus tá nóta scríofa ar pháipéar tobac ann ó phríosúnach H-Bhloc Seán Ó Néill (25/9/1984); baineann G60/29/17/2 leis an gcaoi ar caitheadh leis na príosúnaigh lena n-áirítear minicíocht agus foréigean nochtchuardach agus áirítear ann "Report of the Independent Public Inquiry into Abuse and Torture of Irish Prisoners", Bealtaine 1978; tá ábhar in G60/29/17/3 a bhaineann le Cás Nicky Kelly [líomhnaíodh gur ghlac Kelly páirt i Robáil Traenach na Sollán 1976, gur céasadh é agus é faoi choimeád agus tar éis fianaise a fháil a chaith amhras ar a chiontú, tugadh pardún Uachtaráin ar deireadh thiar dó]. Is éard atá sna trí chomhad deiridh san fhoshraith seo gearrtháin a bhaineann leis na topaicí seo.
Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras, preasráitis agus gearrtháin a bhaineann le cearta agus an tseirbhís sláinte, lena n-áirítear roinnt cásanna inar dhiúltaigh foireann ospidéil glacadh le hainmneacha othar murar aistríodh go Béarla iad.