Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le polasaithe Gaeilge Pháirtí na nOibrithe, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. “Sinn Féin, Páirtí na nOibrithe/SFWP” mar a thugtaí air freisin.
[Nóta ón gCartlannaí: Bunaíodh páirtí bunaidh Shinn Féin in 1905, agus tharla scoilt in 1970 tar éis deighilt laistigh den pháirtí, agus bhí an páirtí nua seo ar an ngrúpa ba mhó. I ndiaidh na scoilte, tugadh “Sinn Féin (Plás Ghairdinéir)” nó “Sinn Féin Oifigiúil” ar an bpáirtí, agus athraíodh an t-ainm arís in 1977 go “Sinn Féin – Páirtí na nOibrithe”, agus ansin go “Páirtí na nOibrithe” in 1982.]