Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le siopa leabhar an Chonartha a dhíol foilseacháin an Chonartha agus eile agus tá roinnt liostaí leabhar ann ó na 1940idí agus na 1970idí, liosta de dhíoltóirí leabhar agus catalóg an tSiopa Leabhar (1970idí).
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comórtas bliantúil an Oireachtais agus tá miontuairiscí, comhfhreagras agus bileoigíní ann a bhfuil ord croineolaíoch curtha orthu i gceithre chomhad.
Féach freisin G60/14
Nótaí taighde faoi chomórtas bliantúil an Oireachtais atá san fhoshraith seo, idir lámhscríofa agus chlóscríofa, do leabhair Uí Shúilleabháin, “Scéal an Oireachtais”, ar foilsíodh in 1984 é.
Nótaí a rinne Ó Súilleabháin atá sa chéad chomhad, G60/24/4/1, agus eagar curtha orthu faoi na teidil seo a leanas: "An Chéad Thréimhse go 1904"; "1907 agus 1908"; "1909-10-11-1912"; "Oireachtas 1914"; "Oireachtas 1915"; "1916, 17, 1918"; "1919 go 1924"; "Turas 1906 Uisneach, Turas 1907 áit a rugadh É O Gamhra"; "Oireachtas Pictiúirí” (gan aon phictiúr ann) a n-áirítear leis ailt chlóscríofa ó An Claidheamh Soluis faoin Oireachtas; "1905 Ceolchoirm faoin aer i gCarraig Dhubh 1905"; "Stair an Oireachtais 1897-1924"; "Cláir Chomórtais An Oireachtais" ó 1903-05, 1908.
Nótaí a bhaineann le Scoil Éanna agus drámaíocht (comórtais an Oireachtais) atá sa dara comhad, G60/24/4/2, agus áirítear leis cláir cóir 1951, 1952 mar aon le teastas do mhúineadh na Gaeilge, Oireachtas 1903. Sa dá chomhad deiridh, tá tuilleadh nótaí taighde faoi stair an Oireachtais (G60/24/4/3) mar aon le hábhar a bhaineann le comórtais faoi leith (G60/24/4/4).
Féach freisin G60/14
Baineann an tsraith seo leis an Oireachtas, comórtas bliantúil Chonradh na Gaeilge, agus áirítear léi cláir; miontuairiscí; tuairiscí; liostaí na ndaoine a bhain duaiseanna; na haistí a bhain duaiseanna; ábhar a bhaineann le taispeántais ealaíne an Oireachtais mar aon le litríocht, ceol agus damhsa; preasráitis; grianghraif agus aithisc thosaigh.
Tá ábhar gaolmhar le fáil in G60/18/2 (an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta) agus G60/21/2 (scóir cheoil an Oireachtais).
Baineann an tsraith seo den chuid is mó le cumarsáid idir Conradh na Gaeilge agus Rialtas na hÉireann. Tá foranna inti ina bhfuil ábhar a bhaineann le: Oireachtas Éireann (G60/39/1); Ranna Rialtais (G60/39/2); Rialtas na hÉireann agus an Ghaeilge (G60/39/3); Oifig an Ombudsman (G60/39/4); foilseacháin Rialtais (G60/39/5 agus G60/39/6); gearrthóga a bhaineann le státseirbhís na hÉireann (G60/39/7) mar aon le comhfhreagras le hAirí éagsúla (G60/39/8).
Tá an fhoshraith Oireachtas Éireann roinnte arís ina dhá fho-fhoshraith: Uachtarán na hÉireann agus Tithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann). Sa dara foshraith, déantar ranna Rialtais a liostú de réir teidil amhail na bliana 2020, nuair a bhí eagar á chur ar an mbailiúchán, agus áirítear leis na ranna sin ranna a comhchuimsíodh leo ó shin. Comhfhreagras, tuairiscí agus foilseacháin a bhfuil nótaí orthu atá sa tsraith seo den chuid is mó.
Baineann ábhar sa chomhad seo le hAontas na Mac Léinn in Éirinn agus tá comhfhreagras ann agus a n-aighneacht ar an bpáipéar Bán.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an gCoiste d’Aontú na hÉireann agus Cearta Sibhialta a bhí lonnaithe sa RA agus áirítear sonraisc, comhfhreagras, seicleabhar, síntiúis ann.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le hárachas lena n-áirítear árachas dliteanais fostaíochta, árachas gluaisteáin agus árachas foirgnimh agus tá sé in ord croineolaíoch. Tá an comhad deireanach dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
Is éard atá sa chomhad seo ná comhfhreagras le cuideachtaí Árachais, lena n-áirítear PMPA maidir le cumarsáid lena gcustaiméirí, foirmeacha Gaeilge nó dátheangacha a sholáthar agus teastais árachais/dioscaí cánach a eisiúint i nGaeilge.
Baineann an tsraith seo le hArd Fheis Chonradh na Gaeilge agus áirítear léi cláir, miontuairiscí; cuntais agus tuairiscí; comhfhreagras; aithisc thosaigh agus grianghraif.
[Ar an litriú eile ar Ard Fheis sna taifid seo tá Árd Fheis, agus Ard-Fheis. Is é an t-iolra den ainm a úsáidtear, i nGaeilge agus i Béarla, ná Ard Fheiseanna.]