Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Prionsabail McBride
UGA G/G60/37/10/16 · File · 1985-1990
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le “Prionsabail McBride”.

[Nóta ón gCartlannaí: Is éard atá i bPrionsabail McBride, naoi bprionsabal a bhaineann le fostaíocht chothrom, cód iompair corparáideach do chomhlachtaí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá atá i mbun gnó i dTuaisceart Éireann agus is é caighdeán na Comhdhála é, an caighdeán a mbítear ag súil leis i gcás gach cúnamh ó na Stáit Aontaithe do Thuaisceart Éireann, nó i gcás beartaíocht eacnamaíochta le Tuaisceart Éireann. Ba é iarArd-Reachtaire Nua-Eabhrac Harrison J.Goldin a leag amach na Prionsabail go luath sna 1980idí. Thacaigh ceithre ghníomhaí aitheanta Éireannacha, beirt Chaitliceach agus beirt Phrotastúnach, leis na Prionsabail. Bhí Sean McBride (duine de bhaill bhunaithe Amnesty International) ar dhuine den cheathrar sin. Tugadh Prionsabail McBride ar na Prionsabail, agus tugadh Prionsabail MacBride orthu ina dhiaidh sin]

Preaseisiúintí
UGA G/G60/30/19 · File · 12/01/1981-01/09/2003
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo preaseisiúintí a bhaineann le hoideachas sa tréimhse 12/1/1981-1/9/2003.

Preaseisiúintí
UGA G/G60/7/2 · Sub-series · 08/06/1966-08/05/1993
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo preasráitis agus ráitis oifigiúla Chonradh na Gaeilge, i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá sé in ord croineolaíoch.

Preas agus nuachtlitreacha
UGA G/G60/3/1/5 · Sub-sub-series · 1948-1977
Part of Gaeilge

Tá san fho-fhoshraith seo gearrthóga nuachtáin agus fótachóipeanna de mhíreanna nuachta a bhaineann leis an gcoiste, mar aon le nuachtlitreacha coiste idir 1967 agus 1969.

Preas
UGA G/G60/14/12 · Sub-series · 1897-2009
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina trí fho-fhoshraith a bhfuil preasráitis, gearrthóga agus grianghraif, faoi seach, iontu. San áireamh san fho-fhoshraith dheiridh tá samhlacha réamhphriontála ar baineadh úsáid astu ina dhiaidh sin i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Chonartha.

Tá na grianghraif dubh agus bán den chuid is mó agus tógadh sna 1940í agus sna 1950í iad. Áirítear leo cór neamhaitheanta a bhain duais; crochadh/baint anuas pictiúr [sa Ghailearaí Náisiúnta?] le haghaidh taispeántas an Oireachtais (gan dáta) agus dhá ghrianghraf a bhfuil na píobairí Andy Keane, Josephine O'Dowd (deirfiúr céile Willie Reynolds, An Grianán, Iarmhí) Willie Reynolds, Dick O'Neill agus Francis McPeake orthu (G60/14/12/3/1). Tá Cláirseach an Oireachtais, ar bronnadh ar bhuaiteoir duaise in 1903 í, ar ghrianghraf daite amháin (G60/14/12/3/3).

Preas
UGA G/G60/15/6 · Sub-series · 27/08/1977-2006
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina dtrí fho-fhoshraith; Preasráitis [G60/15/6/1], Gearrthóga [G60/6/2] agus Grianghraif [G60/6/3], agus ord croineolaíoch orthu ar fad.

Póstaeir ollmhóra
UGA G/G60/7/5/8 · Sub-sub-series · [1980]-[2000]
Part of Gaeilge

Tá roinnt cóipeanna de dhá phóstaer ollmhóra san fho-fhoshraith seo: "Do theanga, do rogha" agus "Olltoghcháin 1982”.

Póstaeir
UGA G/G60/35/12 · File · 20/08/1976-23/08/2004
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le himeachtaí éagsúla, agus áirítear leo an chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Mhionteangacha 1980 agus comhdháil faoi “Lesser Used Languages in a Europe without boundaries”, an Bhreatain Bheag 1988.