Ábhar a bhaineann le Roinn an Taoisigh atá san fho-fhoshraith seo (príomh-aire agus ceann rialtas na hÉireann) agus tá ord croineolaíoch air i sé chomhad. Comhfhreagras atá ann ón Taoiseach agus a Roinn, agus chucu, maidir le stádas na Gaeilge agus polasaí an Rialtais; ábhar maidir le toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge chuig an Taoiseach, 25 Márta 1961 (G60/39/2/1/3) mar aon le hábhar maidir le fiosrúchán poiblí a thionscain an Taoiseach i ndáil le staid na Gaeilge, 26 Eanáir 1980 - 14 Eanáir 1988 (G60/39/2/1/5).
Is éard atá sa chomhad seo rogha Cártaí Nollag CnaG (1911-1914); Cártaí Nollag deartha ag Brian Ó hUiginn (gan dáta); cártaí poist agus samplaí cárta Nollag ó 2010idí.
Rogha grianghraf ón Oireachtas ina bhfuil roinnt le Lil Nic Dhonnchadha, Seán T Ó Ceallaigh, Éamon de Valera, Dubhghlas de hÍde, agus Seán Ó Riada (ag caint le Máire Breathnach agus le Mrs Jim Ryan ag fáiltiú an Oireachtais). Ann freisin tá grianghraf de Fhleadh na Leanbh 1909; Pádraig Ó Dálaigh (duaiseoir Oireachtais 1901); TD??? Thuaisceart Éireann (Eddie MacAteer b’fhéidir) ag tabhairt síniúchán ag an Oireachtas gan dáta; sna 40idí den chuid is mó.
San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le Rince na hÉireann lena n-áirítear comhfhreagras, gearrthóga agus tuairiscí a bhaineann le “Coimisiún le Rincí Gaelacha” mar aon le póstaeir do Chéilí mór i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath in 1940.
Baineann an tsraith seo le riaradh na heagraíochta agus áirítear léi sonraisc agus fáltais, curricula vitae comhaltaí foirne; iarratais poist agus oiliúint foirne; doiciméid árachais; ceadúnais; agus ábhar a bhaineann le hoibleagáidí an fhostóra. Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le polasaí an stáit i ndáil leis an nGaeilge, úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís agus áit na Gaeilge ar pháipéir oifigiúla. Tá eagar croineolaíoch curtha uirthi i dtrí chomhad agus áirítear leis comhfhreagras, tuairiscí, gearrthóga preasa agus ciorcláin roinne.