Showing 36736 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Scolaíocht Lán-Ghaeilge
UGA G/G60/30/12 · Sub-series · 1978-[2003]
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le scoileanna lán-Ghaeilge (bunscoil agus iar-bhunscoil) a bhunú agus tá sé le fáil in G60/30/7 agus G60/30/8. Sa chéad chomhad (G60/30/12/1) tá liostaí scoileanna; tástálacha caighdeánaithe; eolas ginearálta a bhaineann le scolaíocht agus comhfhreagras trí Ghaeilge, gearrthóga agus preasráitis lena n-áirítear leis an Aire Oideachais, Niamh Breathnach agus maidir léi.

Sa dara comhad (G60/30/12/2) tá ábhar a bhaineann leis an nglao chun bord oideachais Gaeltachta/Lán-Ghaeilge a bhunú, agus tá comhfhreagras, fógráin, gearrthóga agus tuairiscí ann. Tá ábhar ann freisin a bhaineann leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Tá gearrthóga nuachtáin sa chomhad deiridh den fhoshraith seo.

Scoileanna Teanga
UGA G/G60/31/1/1 · Sub-sub-series · 15/11/1963-2012
Part of Gaeilge

Tá ábhar san fho-fhoshraith seo a bhaineann le scoileanna teanga éagsúla, tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus nuair is cuí, agus áirítear leis bileoigíní, comhfhreagras, preaseisiúintí, ábhar cúrsa, foirmeacha clárúcháin bána, foirmeacha aiseolais agus ábhar a bhaineann le tairiscintí a rinneadh chun ranganna Gaeilge a reáchtáil.

Scoileanna Samhraidh
UGA G/G60/31/1/2 · Sub-sub-series · 1944-2014
Part of Gaeilge

Tá ábhar san fho-fhoshraith seo a bhaineann le scoileanna agus coláistí samhraidh teanga éagsúla, tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus is cuí, agus áirítear leis bileoigíní, comhfhreagras agus ailt. Tá roinnt den ábhar iata le go gcloífear le reachtaíocht GDPR.

Scoil Éanna
UGA G/G60/22/3 · File · 1911-[1985]
Part of Gaeilge

Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann le scoil Naomh Éanna lena n-áirítear Réamheolaire Scoil Éanna Teo., 1911 le nodaireacht; Bróisiúr Naomh Éanna Ráth Fearnáin, leis an bPríomhoide PH Mac Piarais (1913-1914); seiceanna scríofa don Phiarsach le haghaidh Scoil Éanna (3 & 24 Iúil 1912) agus sínithe aige; bratacha ballraíochta (mionsamhlacha, gan dáta [1911-1915?]); grianghraif ó Bhrainse na Séadchomharthaí Náisiúnta nuair a tugadh Scoil Naomh Éanna ar láimh go hoifigiúil do Stát na hÉireann, Aibreán 1970 agus ábhar a bhaineann le foirgneamh Scoil Éanna agus an scoil féin.

UGA G/G60/18/8 · Sub-series · [1970]-1997
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le scannán lena n-áirítear comhfhreagras agus bileoga don Cheathrú agus Séú "Féile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse sna Tíortha Ceilteacha"; catalóga agus comhfhreagras ó Institiúid Scannán na hÉireann agus ailt éagsúla.

Samhlacha
UGA G/G60/7/5/4 · File · [1980]-2012
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo bileoigíní, clúdaigh litreach agus samhlacha póstaer CnaG do Sheachtain na Gaeilge 19[80?] - 2012.

Rua Telecom
UGA G/G60/42/5 · File · [199-]
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar lena n-áirítear bróisiúir bholscaireachta Rua Telecom agus a seirbhís teileafóin baile trí Ghaeilge i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge

UGA G/G60/36/2 · Sub-series · 09/1968-16/07/2008
Part of Gaeilge

Baineann an fhoshraith seo le Raidió Teilifís Éireann (RTÉ), ar comhlacht státurraithe é agus arb é an craoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta in Éirinn é. San áireamh san fhoshraith seo, a bhfuil ord croineolaíoch uirthi, tá comhfhreagras, tuarascálacha bliantúla, preaseisiúintí, ailt agus paimfléid. Áirítear léi staitisticí maidir le craolachán i nGaeilge sa tréimhse 1968-1993 [G60/36/2/1] agus gearrthóga a bhaineann le "Freagra", ar eagraíocht í sin a bhí ag éileamh tuilleadh clár Gaeilge ar RTÉ (1979-1982) [G60/36/2/2].

"Roinn E"
UGA G/G60/8/10 · File · 24/05/1927-09/04/1932
Part of Gaeilge

Tá fillteán sa chomhad seo darb ainm "Roinn E"agus baineann sé le coiste ar tugadh Roinn E air a scrúdaigh stádas na Gaeilge sa riarachán poiblí, i gcáipéisí cúirte agus i bpríosúin san áireamh, sa tréimhse 1927 go 1932.