Limistéar aitheantais
Cód tagartha
Teideal
Dáta(í)
- [1780]-21/11/2019
Leibhéal tuairisce
Méid agus meán
605 bosca (+3 tharraiceán mapaí)
Limistéar comhthéacs
Taisclann
Stair chartlainne
Bunaíodh Conradh na Gaeilge an 31 Iúil 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Ba sna sála ar thréimhse ina raibh borradh ag teacht ar úsáid na Gaeilge a tháinig an Conradh ar an bhfód, agus áiríodh leis sin an t-aitheasc cáiliúil a thug Dubhghlas de hÍde in 1892, ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’. Bhunaigh de hÍde an eagraíocht in éineacht le hEoin Mac Néill, Eoghan Ó Gramhnaigh agus Tomás Ó Néill Ruiséal, i measc daoine eile, agus is é a bhí ina chéad uachtarán uirthi. Eagraíocht neamhpholaitiúil a bhí beartaithe a bheith ann ó thús ach bhí baint ag go leor de na baill leis an ngluaiseacht náisiúnta, agus is tríd an gConradh a casadh ar a chéile go leor de cheannairí polaitiúla agus reibiliúnaithe an todhchaí. Rinne Conradh na Gaeilge an cinneadh in 1915 taobhú leis an ngluaiseacht náisiúnta, agus dá bhrí sin d'éirigh de hÍde as an uachtaránacht mar go raibh sé den bharúil nár cheart don Ghaeilge a bheith sáinnithe i saol na polaitíochta. Bhí tromlach na gceannairí a shínigh Forógra na Cásca in 1916 ina mbaill den Chonradh. Bhí Pádraig Mac Piarais agus Eoin Mac Néill i measc na n-eagarthóirí a bhí ar chéad nuachtán an Chonartha, ‘An Claidheamh Soluis’. Ba é ‘Sinn Féin, Sinn Féin amháin’ mana Chonradh na Gaeilge.
Sa tréimhse i ndiaidh bhunú Shaorstát na hÉireann, ní raibh ról chomh lárnach sin ag an eagraíocht de dheasca an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach i scoileanna a raibh maoiniú ón Stát á fháil acu. Ó na 1970í ar aghaidh, áfach, bhí Conradh na Gaeilge i lár báire arís agus gníomhach i bhfeachtais éagsúla, ina measc feachtais chearta sibhialta, chearta príosúnach agus chearta teanga. Bhí sí páirteach sa ghluaiseacht tathanta chun staisiúin teilifíse agus raidió i nGaeilge a chur ar bun, in achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003] agus san fheachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. Rinne sí ionadaíocht ar riachtanais phobal na Gaeltachta, agus áiríodh leis sin bunú Údarás na Gaeltachta (1980) agus cruthú phost an Choimisinéara Teanga in 2003.
Ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua in 2008 inar fhill sí ar an seasamh neamhpholaitiúil a bhí aici roimh 1915, is é sin an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga labhartha na hÉireann agus an tagairt do shaoirse na hÉireann a bhaint amach.
Foinse dhíreach an tsealbhúcháin nó aistriú
Limistéar ábhair agus struchtúir
Scóip agus ábhar
Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.
Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.
Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.
Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin.
Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].
Appraisal, destruction and scheduling
Breisiúcháin
System of arrangement
Isteach is amach le 125 bliain d’ábhar atá i gceist leis an mbailiúchán, ar tréimhse í sin a thosaigh in 1893 agus a mhair síos chomh fada le 2018 nuair a ghlac OÉ Gaillimh seilbh air. Bhog an Conradh a cheanncheathrú sé huaire i rith na tréimhse sin, agus bhí 32 uachtarán aige faoinar cuimsíodh 35 téarma. Stóráladh ábhar i roinnt suíomhanna, a n-áirítear leis sin stóráil sheachtrach, agus ní raibh aon struchtúr faoi leith air.
Cuireadh eagar ar an mbailiúchán mar sin agus tá sé roinnte ina thrí chuid anois a bhfuil 45 shraith san iomlán ann.
Cuimsíonn an chéad chuid (sraitheanna 1 – 13) an eagraíocht féin agus struchtúr na heagraíochta agus áirítear leis tuarascálacha bliantúla, doiciméid pholasaí, comhaid fostaithe, ábhar riaracháin, ábhar airgeadais, foilseacháin, miontuairiscí na hArd-Fheise, ábhar Caidrimh Phoiblí mar aon le hábhar a tháinig ó chraobhacha agus coistí éagsúla. Baineann an dara cuid (sraitheanna 14 – 21) leis na healaíona agus leis an gcultúr go ginearálta, agus áirítear leis comórtais bhliantúla an Oireachtais, féilte in Éirinn agus thar lear, ceol, spórt, drámaíocht agus litríocht. Ábhar taighde den chuid is mó atá san áireamh sa tríú cuid (sraitheanna 22 - 45) agus áirítear léi páipéir Dhonncha Uí Shúilleabháin agus Ghiolla Críost Ó Broin agus ábhar a bhaineann le Pádraig Mac Piarais, Tuaisceart Éireann, an pholaitíocht, ranna Rialtais agus cuideachtaí chomh maith le bailiúchán Bertie Troy*. Tá sraith chuimsitheach ann freisin a bhaineann leis na feachtais éagsúla a raibh baint ag an eagraíocht leo.
Bíodh is go bhfuil na scórtha bliain san áireamh sa bhailiúchán seo, ó uair bhunaithe na heagraíochta in 1893 anuas go dtí 2018 nuair a fuarthas an bailiúchán, tá bearnaí nach beag sa bhailiúchán. Ar an gcéad dul síos, is ó cheanncheathrú na heagraíochta a tháinig an t-ábhar atá faighte againn. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil lear mór ábhar i seilbh na gcraobhacha féin, agus i seilbh muintir iarbhaill an Chonartha. Anuas air sin, bhronn Conradh na Gaeilge roinnt páipéar ar an Leabharlann Náisiúnta am éigin sna 1940í. Gach seans go bhfuil cóipeanna de roinnt den ábhar sin sa bhailiúchán seo.
Teanga: is i nGaeilge atá bunáit ábhar an bhailiúcháin, ach tá ábhar i mBéarla ann chomh maith, lena n-áirítear preaseisiúintí, gearrtháin nuachtáin agus comhfhreagras. Rinne caighdeánú ar litriú na Gaeilge sna 1950í agus tá go leor leaganacha litrithe d’fhocail dá bharr sin san ábhar ón tréimhse roimh an gcaighdeánú. Úsáidtear an litriú nua ar mhaithe le comhsheasmhacht, agus tugtar leaganacha níos sine nuair is gá (e.g. Connradh na Gaedhilge [Conradh na Gaeilge]). Thiomsaigh an eagraíocht méid bheag ábhar i roinnt teangacha eile chun críche taighde a dhéanamh ar an gcaoi ar caitheadh leis na mionteangacha sin agus lena bpobail agus ar úsáid na dteangacha sin.
*I mí Feabhra 2018, rinne Roger Troy teagmháil le Conradh na Gaeilge agus chuir sé in iúl don eagraíocht go raibh páipéir aige ar mian leis iad a bhronnadh ar Chonradh na Gaeilge, ar an gcoinníoll go n-ainmneofaí an bailiúchán in onóir a uncail, Bertie. San áireamh sna páipéir sin, bhí comhfhreagras idir an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus Eoin Mac Néill, i measc daoine eile.
Coinníollacha rochtana agus úsáide
Coinníollacha a rialaíonn rochtain
Cuirfear an t-ábhar sa bhailiúchán seo ar fáil don phobal ina chodanna mar gheall ar chomh mór is atá sé. Beidh taighdeoirí bona fide in ann rochtain a fháil ar an ábhar atá á chur ar fáil faoi réir na gcoinníollacha rochtana faoina rialaítear taighde ar ábhar cartlainne i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Ní ceadmhach aon ábhar ón mbailiúchán seo a atáirgeadh gan cead i scríbhinn a bheith faighte ón Leabharlann. Is é an leagan tagartha is cuí ná teideal na míre: dáta na míre: uimhir thagartha (G60/…), Cartlanna Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ Gaillimh.
Coinníollacha a rialaíonn atáirgeadh
Teanga an ábhair
Script of material
Nótaí teanga agus scripte
Physical characteristics and technical requirements
Áiseanna aimsithe
Generated finding aid
Limistéar ina bhfuil ábhar gaolmhar
Existence and location of originals
Bá 96, Seomra Stórais Dearg; Tarraiceáin Mhapa Chonradh na Gaeilge (1-3), Seomra Stórais Glas; / Red Store Room Bay 96 - 112 and Green Store Room Map Drawers CnaG 1-3
Existence and location of copies
Related units of description
Notes area
Note
Catalog
Aitheantóir(í) malartach(a)
Pointí rochtana
Subject access points
Place access points
Taifid údaráis
Pointí rochtana seánra
Description control area
Description identifier
Aitheantóir institiúide
Rules and/or conventions used
Status
Leibhéal mionsonraí
Dátaí cruthaithe athbhreithnithe nó scrios
08/07/2019
20/06/2025